Cad é seo, go díreach?
Leagan athmháistrithe den seoid-tiomsachán reigé, eisithe ar dtús sa bhliain 1998, a chuir tús les an tsraith sheamhnach ar cheirníní Soul Jazz.
Seo 14 dos na rianta reigé don gcóisir is fearr dá bhfuil le clos.
Bíodh ceol rocksteady, roots, nó func uirlise Iamácach i gceist, tá an bhéim anseo ar an bhfunc, a dhuine, agus ar an bhfunc amháin!
Tá poirt bhreise de chuid Horace Andy, Ken Boothe agus Bunny Clarke curtha leis an leagan leathnaithe seo ag Soul Jazz.
Ach amháin sa chás go rabhas ag casadh i gclub techno nó club druma agus doird, nílim tar éis an teach a fhágaint le dosaen bliain anuas gan mo chóip vinile de 100% Dynamite i mo mhála dioscmharcaíochta agam – gan trácht ar 200%, 300%, 500% agus 600%!
An bhfuil aon mhaiath ann?
M’anam, ach tá an stuif seo go diail!
Tá poirt mar ‘Armagideon Time’ le Willie Williams (seans go bhfuil leagan The Clash cloiste agat), ‘Drum Song’ le Sound Dimension agus leagan Phyllis Dillon de ‘Woman of the Ghetto’ Marlena Shaw ina gclasaicí deimhnithe.
Tá tionchar func-cheol New Orleans le clos go láidir ar ‘Popcorn’ spleodrach The Upsetters agus ‘Greedy G’ le Brentford All Stars.
Agus na blianta caite agam ag casadh an dá leagan de ‘Rocksteady’ do rinceoirí ag cóisirí ó Oileán Thoraí go Cathair Chorcaí ní dóigh liom go bhfuil dul amú orm nuair a deirim go sáraíonn leagan rocksteady The Marvels bunleagan Aretha Franklin.
Is deacair an ‘We Need Love’ fíor-mhilis le Johnny Orborne a shárú mar phort deiridh na hoíche i gclub beag allasúil, agus do choimeád dealg acastóra (linchpin) seisiún-grúpa Studio 1, Jackie Mittoo, na nótaí is mílse ar a orgán Hammond i bhfearsa don lá ar dhein sé taifeadadh ar an ‘Stereo Freeze’ damanta funcaí.
Bhí 100% Dynamite nach mór 100% foirfe ina bhunchruth, ach is maith iad na poirt nua atá le clos, freisin – leagan Bunny Clarke de ‘Be Thankful For What You’ve Got’ le William de Vaughn, agus an ‘My Soul’ droimneach le Horace Andy go háirithe.
Laigí?
An ag magadh atá tú?!
An breithiúnas?
Dein cineál ort féin: ceannaigh, cas, is bíodh tú féin is do chomrádaithe ag luascadh na gcromán le rithimí an oileáin!