Tá scoileanna ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge ar bhealaí éagsúla ach níl mórán níos gleoite ná Gaelscoil Pheig Sayers i gCorcaigh.
Ó d’eisigh Mark Ronson agus Bruno Mars Uptown Funk ag deireadh na bliana seo caite tá an t-amhrán tar éis dul i bhfeidhm ar éisteoirí ar fud na cruinne agus anois tá a leagan Gaelach féin curtha le chéile ag páistí ó Rang 1 sa bhunscoil ar an taobh ó thuaidh de chathair na gceannairceach.
Is léir go bhfuil pearsantachtaí láidre ag na Gaeil óga seo agus tuiscint mhaith acu ar éirim SnaG… is é sin sult mór a bhaint as ár dteanga!
Tá muid cinnte go mbeadh Peig féin bródúil… maith iad!