Tá na ticéid ar fad do ghig KNEECAP i mBaile Átha Cliath díolta agus an-tóir ar na ticéid do ghigeanna eile na camchuairte ar fud na hÉireann.
D’fhógair an grúpa hip-hap as Béal Feirste an chamchuairt náisiúnta ‘Gael Gigolos on Tour’ ag tús na seachtaine seo agus díoladh gach aon ticéad don ghig atá beartaithe do The Workman’s Club i lár na hardchathrach ar an 20 Feabhra 2019 taobh istigh de dhá lá.
Thug na Feirstigh le fios aréir ar Twitter go bhfuil an-éileamh freisin ar an ngig a bheidh sa Róisín Dubh i gcathair na Gaillimhe Lá Fhéile Vailintín freisin.
“Bhí muid iontach sásta nuair a chonaic muid an díol mór a bhí ar na ticéid do Bhaile Átha Cliath Dé Luain agus Dé Máirt. Níor chreid mé é nuair a díoladh achan ticéad Dé Céadaoin, níor shíl mé go ndéanfadh banna ceoil a bhíonn ag canadh i nGaeilge é sin. Is iad Gaillimh agus Muineachán an dá áit is mó anois a bhfuil díol ar na ticéid dóibh, agus ba cheart ticéad a cheannach go luath,” a dúirt Móglaí Bap le NÓS.
Ag deireadh na bliana seo caite a d’eisigh KNEECAP a gcéad amhrán ‘C.E.A.R.T.A.’ agus ó shin i leith tá ráchairt mhór ar an mbanna. Bailíodh breis agus £2,500 i bhfeachtas tiomsaithe airgid le halbam agus físeáin cheoil a chur amach agus chas siad ag Féile na Gealaí, Electric Picnic, Oireachtas na Samhna agus féilte eile ar fud na hÉireann in imeacht na bliana.
Tá amhrán nua ag físeán ceoil ar na bacáin agus tá súil ag KNEECAP iad a eisiúint roimh an Nollaig. Tá sé i gceist acu a bheith i láthair ag tuilleadh féilte fós an bhliain seo chugainn.
Tá 70% de na ticéad díolta don ghig a bheidh acu i nGaillimh ar an 14 Feabhra 2019, agus os cionn leath na dticéad imithe don ghig in McKenna’s Mhuineacháin ar an 8 Feabhra.
Anuas ar an gcamchuairt náisiúnta, d’fhógair na ceoltóirí hip-hap go mbeidh siad ag casadh in The Empire Club Oíche Chinn Bhliana freisin mar chuid den cheiliúradh mór a dhéanfar sa gclub sin ar theacht na bliana úire.
Tá ticéad ar fáil do gach gig ar Eventbrite anois agus tuilleadh eolais faoi na gigeanna éagsúla ar fáil ar leathanaigh KNEECAP ar na meáin shóisialta.