‘Gael Gigolos On Tour’
Camchuairt náisiúnta ag KNEECAP

Tá camchuairt náisiúnta fógartha ag an ngrúpa ceoil KNEECAP don earrach seo chugainn. Beidh an triúr Feirsteach, a bhí ag casadh ag gig mhór an Oireachtais an deireadh seachtaine seo caite, ag tabhairt aghaidh ar na ceithre chúige mí Feabhra 2019 agus a dturas ‘Gael-Gigolos on Tour’ ar siúl acu. 

Cuirfear tús leis an gcamchuairt i McKenna’s Bar i Muineachán ar an 8 Feabhra agus beidh cúig ghig ina dhiaidh sin acu i gCorcaigh, Gaillimh, Baile Átha Cliath, Luimneach agus Béal Feirste. 

Tá na ticéid ar díol ón lá inniu do na hionaid éagsúla agus tá cuid de na bannaí taca a bheidh ag casadh in éineacht le buachaillí Bhéal Feirste fógartha acu freisin. Is iad Dysania, banna ceoil as Muineachán, a bheidh ar an ardán le KNEECAP ina gcontae dúchais ar an 8 Feabhra, beidh Shakalak ina dteannta sa Workman’s Club i mBaile Átha Cliath, Prescription agus Hidden Dip a bheidh leo i Pharmacia i Luimneach, agus Dirtyface a bheidh mar bhanna taca in The Empire Club i mBéal Feirste. Beidh an ceoltóir JyellowL as Baile Átha Cliath ar an ardán i mBéal Feirste an oíche sin freisin. 

Anuas ar an gcamchuairt náisiúnta, d’fhógair na ceoltóirí hip-hap go mbeidh siad ag casadh in The Empire Club Oíche Chinn Bhliana freisin mar chuid den cheiliúradh mór a dhéanfar sa gclub sin ar theacht na bliana úire. 

Tá ticéad ar fáil do gach gig ar Eventbrite anois agus tuilleadh eolais faoi na gigeanna éagsúla ar fáil ar leathanaigh KNEECAP ar na meáin shóisialta. 

8 Feabhra McKenna’s Bar  — Muineachán

9 Feabhra Connolly’s of Leap — Corcaigh

14 Feabhra Róisín Dubh — Gaillimh

20 Feabhra   The Workman’s Club — Baile Átha Cliath

21 Feabhra Pharmacia — Luimneach

28 Feabhra The Empire Club — Béal Feirste