Gaelphop seolta!

Tá a fhios ag an saol mór faoin rath atá ar fhíseáin cheoil Choláiste Lurgan le cúpla bliain anuas, agus faoin ardú íomhá atá tugtha ag na hamhráin dár dteanga, gan fiú trácht ar an ardú meanman atá faighte ag pobal na Gaeilge dá bharr.

Bhuel anois tá sé i gceist ag togra eile déanamh amhlaidh agus amhráin chomhaimseartha a aistriú agus a thaifeadadh ar bhonn rialta.

Gaelphop is ainm don tionscnamh úr agus is é an ceoltóir cumasach, agus Gael aitheanta de chuid Iúr Cinn Trá, Contae an Dúin, Cricky Markey, an duine taobh thiar de.

“Tá mé ag scríobh mo chuid amhrán féin agus ag aistriú liom le tamall,” arsa Cricky, ar príomhamhránaí é leis an ghrúpa, The Skin We’re In.

“Déarfainn go bhfuil thart ar 20 amhrán aistrithe go Gaeilge agam anois – saothar de chuid Sam Smith, Ed Sheeran, Katy Perry, Coldplay agus One Direction ina measc.

“Sílim gur rud iontach é gur féidir leis an aos óg na hamhráin is fearr leo a chanadh i nGaeilge.

“Ba mhaith liom go mbeadh na hamhráin ina n-áis an-úsáideach do dhéagóirí, do scoláirí agus do mhúinteoirí, agus go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn ag an am céanna.”

cricky markey

Tá ardchaighdeán ag baint leis na haistriúcháin atá foilsithe ag Cricky go dtí seo ar chainéal Youtube Gaelphop – sampla maith é an leagan gleoite seo de ‘Blame It On Me’ aka ‘Is Mé Is Ciontaí’, le George Ezra – agus foilseofar a thuilleadh sna seachtainí beaga amach romhainn.

Chomh maith leis na haistriúcháin, tá sé i gceist ag Cricky bheith ag cumadh agus ag taifeadadh nua-amhrán Gaeilge.

“Beidh mé ag obair le Gaeil agus le ceoltóirí eile chun tacaíocht a thabhairt dóibh a gcuid tallann a thabhairt chun solais,” ar seisean.

“Tá an oiread ceoltóirí den scoth amuigh ansin anois agus beidh mé ag comhoibriú le leithéidí JJ Ó Dochartaigh agus Emma Ní Fhíoruisce lena gcuid amhrán féin a thaifeadadh.

“Is é seo ceann de na fáthanna a bhfuil seo á dhéanamh agam – le ceol agus le teanga na Gaeilge a chur chun cinn, agus fosta le cuidiú a thabhairt do cheoltóirí Uladh ach go háirithe.”

Beidh agallamh iomlán le Cricky faoi phleananna Gaelphop sa chéad eagrán cló eile de NÓS, agus idir an dá linn is féidir forbairtí an tionscnaimh a leanúint ar Twitter Gaelphop.

SCÉALTA EILE