Tháinig Hairless Toys aniar aduaidh orm.
Dhein RóisÃn Murphy ionsaà as luÃochán orm sa chasadh sin sa bhóthar ina gcastar an ealaÃn uasal, sofaisticiúil agus popcheol na gcairteanna ar a chéile.
Orm féin atá an locht, gan dabht, as Murphy a mheasadh faoina luach.
Fiú i laethanta Moloko bhà Murphy ró-ghlic chun glacadh leis an ról mar réalta phopcheoil a ndearna na meáin iarracht a bhrú uirthi, ach nà shamhlaÃos go mbeadh tÃr-raon ceoil Murphy athraithe chomh mór agus atá sa tréimhse ocht mbliana ó eisÃodh a halbam deireanach, Overpowered (2007).
Is minic a labhraÃtear faoin bpop-amhrán mar shlà éalaithe (fiú muna mbeadh ach trà nóiméad go leith i gceist) ó réaltacht ghránna, leadránach an tsaoil.
Tá aidhm nÃos glóirmhianaà ag Murphy.
Ar Hairless Toys cloistear an pop-amhrán mar fhreagra craobhlasrach, misniúil ar an náiriú agus an ghéarleanúint gan staonadh a dhéantar orthu siúd a bhfuil sé de rogha nó de mhÃ-ádh acu maireachtaint lasmuigh de ghnáth-chuimsà formheasta an tsochaÃ.
“There is no inclusion for those stigmatised, nobody close to us gets recognised”, a chanann Murphy ar ‘Gone Fishing’, chéad amhrán an albaim, agus saothar a chum sà tar éis di scannán faisnéise Jenny Livingstone, Paris Is Burning, faoi mhuintir thrasghléasta Nua-Eabhrac na n-ochtóidà a fheiscint.
Tá athshondas stairiúil ag baint le fuaim dioscó-func uilleach ‘Gone Fishing’ i gcomhthéacs ábhar an amhráin, ach nà chaitheann Murphy an t-albam ar fad i mbun aithrise ar Grace Jones.
Ar an oiread céanna, nà cáineadh é le rá go bhfuil macalla de Stevie Nicks le clos ar ‘Unputdownable’, de Dani Siciliano ar ‘Exploitation’ (is é Matthew Herbert a bhà i mbun na gcnaipà ar albam début aonair Murphy, Ruby Blue) agus de Beth Gibbons (Portishead) ar an amhrán ‘Hairless Toys’ féin – is drámadóir d’amhránaà à Murphy a athraÃonn stÃl a cur i láthair de réir riachtanais an róil.
Is fÃor-dhrámatúil mar a bheireann sà greim ar amhráin mar an ‘House Of Glass’ eipiciúil, a glór contralt á mhúnlú aici de réir bhrà na bhfocal.
Tá obair léiriúcháin Eddie Stevens, comhoibrà ceoil Murphy ag dul siar go laethanta Moloko, thar na bearta.
Seo albam a bhfuil glór mór, saibhir, forleitheadach ag baint leis.
Fiú agus gnéithe de gach rud ó cheol house uasal na hEorpa (Floating Points, ceirnÃnà Kompakt) agus dioscó dorcha le clos sna hamhráin seo taobh le heilimintà snagcheoil, ceol tuaithe agus gaspal, tá smacht máistriúil ag Murphy ar chúrsaà ó thús go deireadh.
Albam greannmhar, sultmhar, glic.