Tá geallúint tugtha ag an amhránaí Gaeltachta ADGY, a tógadh ar an Bhun Bhig i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, gur i nGaeilge a chanfaidh sé cuid dá amhrán agus é san iomaíocht i gcomórtas Eurosong a bheidh ar siúl le linn eagrán speisialta de The Late Late Show anocht.
Thug ADGY geallúint uaidh ar Twitter ag tús na seachtaine go gcanfadh sé “20 soicind” dá amhrán i nGaeilge ag an gcomórtas náisiúnta a chraolfar ar RTÉ One ag 21.30 anocht dá ndéanfaí 100 athghiolc ar a theachtaireacht. Inniu, lá an chomórtais, tá os cionn 300 athghiolc déanta ar an mbunteachtaireacht agus dheimhnigh ADGY in agallamh leis an bpodchraoladh Éirevision níos túisce an tseachtain seo gur i nGaeilge a bheadh an ceangal ina amhrán ‘Too Good For Your Love’.
“Bhí spás san amhrán do rud éigin breise agus scríobh mé na liricí Gaeilge…agus b’in é, ní raibh aon amhras ann ach go mbeadh sé san amhrán. Dúirt mé liom féin “déan é”, agus ó chuir mé an scéala amach chuala mé go bhfuil leathchéad bliain ann ó bhí amhrán i nGaeilge againn san Eoraifís. Tá sé níos tábhachtaí domsa anois go mbeadh [an Ghaeilge san amhrán], is dóigh liom gur rud iontach é le déanamh agus é a mheasadh le rian EDM house. Is é an ceangal a bheidh i nGaeilge,” a dúirt ADGY le Éirevision.
Beidh ADGY san iomaíocht le cúigear eile san eagrán speisialta de The Late Late Show anocht le hiarrthóir na hÉireann do Chomórtas na hEoraifíse a roghnú. Beidh CONNOLLY, amhránaí óg as Leitir Mealláin i gCeantar na nOileán i nGaeltacht na Gaillimhe, ar an ardán freisin anocht. Is i mBéarla a chanfaidh CONNOLLY agus níl aon leid tugtha aici fós go sníomhfaidh sí an Ghaeilge isteach ina hamhrán siúd ‘Midnight Summer’.
Níor cuireadh ach an t-aon amhrán amháin as Gaeilge chun cinn don chomórtas go dtí seo- — ‘Ceol an Ghrá’. Chan Sandie Jones as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath an t-amhrán Gaeilge in Usher Hall i nDún Éideann in 1972. Faraor, níor éirigh go rómhaith léi agus chríochnaigh sí sa 15ú háit, dhá bhliain i ndiaidh do Dana an chéad duais a thabhairt abhaile go hÉirinn.
Ní raibh amhrán Gaeilge eile i bpríomhchomórtas na hEoraifíse ó shin, cé gur cuireadh roinnt amhráin Ghaeilge chun cinn ag an leibhéal náisiúnta i gcaitheamh na mblianta.
Ar ndóigh, is i nGaeilge amháin a bhíonn na hamhráin ón tír seo a chuirtear ar aghaidh chuig Comórtas na nÓg, a bhíonn á chraoladh ar TG4.