Foilsíodh gearrliostaí Ghradaim Cheoil NÓS 2017 maidin inniu agus tá éagsúlacht mhór le brath i measc na n-iomaitheoirí arís i mbliana.
Níos mó ná 60 iontráil a fuair na gradaim, atá á reáchtáil ag NÓS don dara bliain as a chéile, agus tá áit bainte amach sna seacht rannóg éagsúla ag bannaí úra agus ceoltóirí aitheanta araon.
Tá leithéidí Aeons, Eve Belle (buaiteoir na catagóire seo anuraidh), IMLÉ, Spats Colombo agus JJ Ó Dochartaigh ainmnithe don amhrán nua is fearr, rannóg ar ar chuir 30 ceoltóir isteach san iomlán.
Bhí dúshlán mór roimh mholtóirí na rannóige – Barbara Nic Dhonnacha (4FM), Ben Ó Faoláin (DJ agus léirmheastóir NÓS), Ciarán Ó Meachair (ceoltóir agus léiritheoir), Gráinne Holland (amhránaí) agus Rossa Ó Snodaigh (Kíla) – an fadliosta a chaolú ach d’éirigh leo sa deireadh.
Tá sé sin, agus na gearrliostaí eile ar fad, le feiceáil anois anseo.
Ar a bharr sin, tá deis ag an bpobal tionchar a imirt ar thoradh amháin mar go bhfuil an rannóg ‘Féile na Bliana’ á reáchtáil mar vóta poiblí agus é oscailte go lár mhí Eanáir.
Is sa Sugar Club, BÁC, Dé hAoine 20 Eanáir 2017 a fhógrófar na buaiteoirí agus tá fáilte mhór chroíúil roimh chách.
Meastar go ndíolfar na ticéid ar fad tamall roimh ré mar sin, má tá sé i gceist agat freastal ar an ócáid bhronnta agus ceolchoirm, moltar duit do cheannsa a aimsiú chomh luath agus is féidir: