Gearrliosta Ghradaim NÓS 2018 fógartha


an gearrliosta le haghaidh Ghradaim NÓS 2018 anois foilsithe le réimse leathan bannaí agus ceoltóirí san iomaíocht in ocht rannóg.

San áireamh i mbliana tá mórghrúpaí ar nós Kíla, Seo Linn agus IMLÉ chomh maith le hamhránaithe óga mar Róisín Seoighe, Tadhg Ó Grifín agus an banna Sruth na Maoile.

Ar an ghearrliosta chomh maith tá an togra nua ceoil Kneecap, a mheall go leor airde lena n-amhrán C.E.A.R.T.A. le déanaí agus é feicthe ag daoine breis agus 100,000 uair ar líne.

Is ar an chlár Bláthnaid Libh a fógraíodh an gearrliosta inniu agus is in éineacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ‘Amhrán na Bliana’ á bhronnadh – mar chuid den duais cuirfear an t-amhrán buach ar sheinnliosta 2FM.

Tá an rannóg ‘Banna na Bliana’ le bronnadh i bpáirt le BLOC, a bheas gan mhoill ag eisiúint físeán speisialta faoi na grúpaí agus na ceoltóirí atá san iomaíocht don duais.

I measc na moltóirí i mbliana tá Eoghan McDermott ó 2FM, an ceoltóir Eleanor McEvoy agus an léiritheoir ceoil Ciarán Byrne, mar aon le léirmheastóir NÓS Ben Ó Faoláin, Sinéad Ní Uallacháin ó Raidió na Gaeltachta agus an cumadóir Ciarán Ó Meachair.

Agus ná déan dearmad gur vóta poiblí é an gradam do ‘Féile na Bliana’ – is féidir do rogha a dhéanamh anseo.

Bronnfar na gradaim ag ceolchoirm mhilis sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine 12 Eanáir, a chraolfar beo ar Raidió na Gaeltachta ó 8in le Rónán Mac Aodha Bhuí i mbun an mhaidhc agus an spraoi.

Dá mba mhian leat féin bheith i lár an aicsin ar an oíche, moltar duit do thicéad a fháil anois!

An Gaelcheol abú!

SCÉALTA EILE