Agus trí seachtaine le dul chuig ócáid mhór bhronnta Ghradaim NÓS i mBéal Feirste, tá gearrliosta na bliana anois fógartha anseo thíos.
Breis agus 20 banna agus ceoltóir atá ainmnithe thar na seacht rannóg agus is mór an réimse seánraí atá san áireamh arís i mbliana, ón rac, rap agus reigé go dtí an ceol timpeallach, sean-nós agus trad-treonaice.
“Tá gliondar an domhain orainn Gradaim NÓS a thabhairt ar ais,” arsa Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir na hirise.
“Tá saol an cheoil i gcroílár chultúr ár dteanga agus tá sé an-tábhachach na bannaí, na ceoltóirí agus na cruthaitheoirí éagsúla a aithint agus a cheiliúradh.
“Ba dhúshlánach an tasc a bhí ag na moltóirí an gearrliosta a roghnú agus tá moladh mór tuillte ag gach duine atá ainmnithe, idir na seanfhondúirí iomráiteacha agus na nuatheachtaithe atá tosaithe ar a dturas ceoil le déanaí.”
Is iad IMLÉ, Grooveline, Huartan, Múlú agus Torby a bheidh ag seinm beo ar an oíche, Dé hAoine 9 Feabhra, sa Black Box i mBéal Feirste. £15 atá ar na ticéid agus is féidir iad a cheannach anseo.
Amhrán na Bliana
- Aimsir Chogaidh – Torby (+ The Shan Vans)
- An Glas ar an Domhan- Rónán Ó Snodaigh + Myles O’Reilly
- An Murda Meaisín – Súil Amháin + Rob Mulhern
- Brigid Buach – Pádraigín Ní Uallacháin
- Cé mo dhuine siúl sa hi-vis – Trá Pháidín
- Litir Dheireanach – Deoraí
- Mo Thrua – Súil Amháin + Rob Mulhern
- Níl Aon Easpa Orm – Rónán Ó Snodaigh + Myles O’Reilly
- Panini Sicín – Torby
- Sceartáin! – Súil Amháin + Rob Mulhern
- Slán Leat – Bláth na hÓige / Méabh Ní Bheaglaoich
- Spéir Rua (Reimagined) – Síomha + Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ
Albam na Bliana (Nuacheol)
- An 424 – Trá Pháidín
- Garbh – Dris-Óg
- Saoiste – Boss Sound Manifesto
- Seven Daughters of the Sea / Seacht nIníon na Mara – Pádraigín Ní Uallacháin
- Shammen – Súil Amháin + Rob Mulhern
- The Beautiful Road – Rónán Ó Snodaigh + Myles O’Reilly
Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
- Anamnesis – Síle Denvir
- Anuas – Seo Linn
- Bláth na hÓige – Bláth na hÓige
- Éistigh Liomsa Sealad – Muireann Ní Shé
- Sásta a bheith anseo – Múlú
- Séamus agus Caoimhe – Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta
Físeán na Bliana
- Amhrán Pheadar Breathnach – Diane Cannon
- Cailleach an Airgid – Seo Linn
- Eileanóir a Rún – Síle Denvir
- Gwalia (A Bhanba, O Gymru) – Urdd x TG Lurgan
- Litir Dheireanach – Deoraí
- Maidin Heinz – Trá Pháidín
- Níl Aon Easpa Orm – Rónán Ó Snodaigh + Myles O’Reilly
- Sí Liom – Rónán Ó Snodaigh + Myles O’Reilly
- Tá Mo Chleamhnas Déanta – An Chéad Ghlúin Eile
Ealaín Albaim na Bliana
- Anamnesis – Síle Denvir
- Bean agus Uisce – Róis
- Bean Udaí Thall – Huartan
- Cé mo dhuine siúl sa hi-vis – Trá Pháidín
- Chicken Sambos – Torby
- Litir Dheireanach – Deoraí
- Sásta a bheith anseo – Múlú
- Seven Daughers of the Sea / Seacht nIníon na Mara – Pádraigín Ní Uallacháin
- Tá Mo Chleamhnas Déanta – An Chéad Ghlúin Eile
- The Beautiful Road – Rónán Ó Snodaigh & Myles O’Reilly
Nuatheachtaí na Bliana – Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí
- An Chéad Ghlúin Eile
- Colm Seoighe agus na hEasógaí
- Bláth na hÓige
- Huartan
- Muireann Ní Shé
- Múlú
- Róis
- Torby
Banna / Ceoltóir na Bliana
- Boss Sound Manifesto
- Deoraí
- Dris-Óg
- Grooveline
- Kíla
- Kneecap
- IMLÉ
- Pádraigín Ní Uallacháin
- Rónán Ó Snodaigh + Myles O’Reilly
- Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta
- Seo Linn
- Síle Denvir
- Súil Amháin