Gearrliosta na nGradam Ceoil fógartha

Lisa Hannigan, Kíla, Janet Devlin, Seo Linn, Rís… sin díreach cuid de na ceoltóirí agus bannaí atá fógartha ar ghearrliostaí Ghradaim Cheoil NÓS, na chéad ghradaim riamh le díriú ar cheol comhaimseartha na Gaeilge.

D’fhógair NÓS mí ó shin go raibh ainmniúcháin á lorg le haghaidh seacht rannóg sna Gradaim agus b’iontach an t-aischothú a spreag sé i measc lucht ceoil agus éisteoirí fud fad na tíre.

Chuir breis agus 120 duine a gcuid moltaí isteach chugainn agus fuarthas 25 iontráil don amhrán nuachumtha Gaeilge is fearr i mbliana, líon a chuir idir iontas agus ghliondar ar an phainéal moltóireachta.

“Shocraigh muid na Gradaim Cheoil seo a chur ar bun chun aitheantas a thabhairt do na ceoltóirí éagsúla atá ag cumadh agus ag ceol inár dteanga féin, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach acu le linn 2015,” arsa Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir NÓS.

“Ba mhór an spéis a léiríodh sna Gradaim le mí anuas agus bhí áthas an domhain orainn an oiread ainmniúchán a fháil – le bheith ionraic níor shíl mé gur scríobhadh 25 amhrán nua Gaeilge i mbliana ach tá go leor amhránaithe iontacha agus bannaí cumasacha amuigh ansin anois ag ceol trí mheán na teanga, idir iad siúd atá aitheanta cheana agus iad atá díreach i ndiaidh tosnú ar a mbóthar ceoil.

“Tá sé ar fheabhas go bhfuil an obair thábhachtach seo le haithint anois agus tá súil againn go spreagfaidh Gradaim Cheoil NÓS daoine eile dul i dtreo an cheoil Ghaeilge.”

Tasc dúshlánach a bhí ag na moltóirí – Colm Mac Con Iomaire, Ben Ó Faoláin, Lynette Fay, Barbara Nic Dhonncha agus Ciarán Ó Meachair – ach tá a gcinneadh déanta agus tá na gearrliostaí iomlána anois ar fáil.

Tá deis ag an phobal fosta tionchar a imirt ar thoradh amháin mar go bhfuil an rannóg do ghig bheo na bliana á reáchtáil mar vóta poiblí agus é oscailte go deireadh mhí na Nollag.

Fógrófar na buaiteoirí ar fad ag ócáid bhronnta sa Sugar Club, Baile Átha Cliath, Dé hAoine 8 Eanáir 2016.

Tá fáilte roimh gach duine ar suim leo ceol comhaimseartha na nGael ag an imeacht speisialta seo.

Níl ach €15 ar thicéid agus iad ar fáil anois díreach:

SCÉALTA EILE