Gig i gCorcaigh agus Sea Sessions fógartha ag Kneecap

Beidh an banna ceoil iomráiteach as Béal Feirste Kneecap tar éis a fhógairt go mbeidh gig acu i gcathair Chorcaí an bhliain seo chugainn.

Beidh Kneecap, a raibh an-lá inné acu nuair a fuair siad amach gur éisteadh lena gcuid ceoil breis agus 1.6m uair ar Spotify, ag dul ar camchuairt timpeall na Breataine in earrach na bliana seo chugainn. 

Beidh siad ag filleadh ar Éirinn ag tús an tsamhraidh, áfach, leis an ngig sa Cork Opera House a dhéanamh ar an 14 Bealtaine. Beidh ticéid ar fáil don cheolchoirm ar shuíomh an Cork Opera House Dé Máirt seo chugainn, agus costas €21 orthu. 

Cuirfear tús le séasúr na bhféilte ceoil in Éirinn go gairid ina dhiaidh sin, agus beidh buachaillí Bhéal Feirste ag dul siar go Dún na nGall le casadh i mBun Dobhráin ag an bhféile cheoil Sea Sessions, a bheidh ar siúl ar an 19-21 Meitheamh 2020 sa bhaile beag mara. 

D’fhógair Kneecap níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil dáta eile curtha leis an gcamchuairt i Sasana agus gig bhreise le déanamh acu in London, sa Camden Assembly. Tá ticéid ar fáil don ghig sin anseo

SCÉALTA EILE