Gig Massive Attack: ‘an cheolchoirm is glaine agus is glaise riamh’

Tá curiarracht nua bainte amach ag an bhanna chlúiteach Shasanach Massive Attack, ach ní de bharr a gcuid ceoil.

I mí Lúnasa anuraidh rinne an grúpa trip hop gig speisialta ina bhaile dúchais Briostó agus tá eolaithe anois ag rá go raibh sé ar an mhórimeacht ceoil is lú a d’imir tionchar ar an timpeallacht riamh.

Mar gheall ar shocruithe ar leith a cuireadh i bhfeidhm don cheolchoirm, bhíothas in ann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 98% i gcomparáid le gnáthghigeanna den chineál chéanna.

Is le cadhnraí a cuireadh an leictreachas ar fáil don cheolchoirm Act 1.5, ar ar fhreastail 32,000 duine, agus is bia veigeánach amháin a díoladh ann.

Níor baineadh úsáid as aeriompar leis na ceoltóirí agus oibrithe eile a thabhairt a fhad leis an láthair agus cuireadh bus leictreach ar fáil saor in aisce chuig an cheolchoirm chomh maith.

Daoine a raibh cónaí orthu taobh istigh de limistéar cóid poist Bhriostó, bhí fáil acu ar na ticéidí roimh ré ionas go mbeadh go leor daoine áitiúla ag an seó, rud eile a laghdaigh an lorg carbóin.

Is eolaithe ón Tyndall Centre for Climate Change Research i Sasana a rinne an anailís ar astaíochtaí na ceolchoirme agus tá súil acusan, agus ag an lucht eagraithe, go mbeidh an cur chuige nua seo ina theimpléad anois do cheolchoirmeacha eile a eagraítear faoin aer.

Dar le Mark Donne, stiúrthóir Act 1.5, go raibh sí ar an cheolchoirm “is glaine agus is glaise riamh.”

“Tá an teicneolaíocht ghlan réidh – níl de dhíth anois ach í a éascú. Tá lucht leanúna an cheoil ag iarraidh seónna glana, tá sé sin thar a bheith soiléir. Is é an dúshlán anois do léiritheoirí agus do na rialtais ná an riachtanas sin a chomhlíonadh.”

Is ábhar í ceist an chomhshaoil atá gar do chroí Massive Attack le fada agus dúirt an t-amhránaí Robert Del Naja gur mhian leis go n-athrófaí an bealach a ndéantar ceolchoirmeacha agus camchuairteanna a phleanáil agus a reáchtáil.

Beidh le feiceáil cé chomh gasta a athrófar an cur chuige reatha, in Éirinn agus thar lear, ach is cinnte gur treoirphlean iontach é gig mhór ghlas seo Bhriostó.

SCÉALTA EILE