Luke Vibert – ‘Rave Hop’ (Hypercolour)
An tríú halbam de chuid an léiritheora éirimiúil as Corn na Breataine atá eisithe ag lipéad Hypercolour ó thús an tsamhraidh. Baineann ‘Hop’ an teidil le buillí ramhra agus luas malltriallach na gcolláisí fuaime seo, ach ó thaobh pailéad sonach an cheoil de, tá fuaimeanna luathcheoil rince na n-ochtóidí agus na luathnóchaidí in uachtar. Bí ag súil, mar sin, le rianta lán de chordaí réabh, dordlínte creathánach agus samplaí sciobtha ó cheirníní Raw Silk, Prince, Jeru Tha Damaja, Mantronix, Slick Rick agus Mr Fingers. Glic, dána agus funcaí go smior.
Siti Muharam – ‘Siti of Unguja’ (On The Corner)
Ag teacht chugat as Sainsibeár, oileánra trópaiceach (agus áit dhúchais Freddie Mercury) atá suite san Aigéan Indiach tuairim agus 50 ciliméadar soir ó dheas ó chósta thoir na hAfraice, seo albam gleoite de cheol na stíle taaraba thaifead an t-amhránaí Siti Muharam in ómós dá sin-seanmháthair Siti Bin Saad. Ba í Bin Saad céad réalta agus céad bhan-amhránaí na stíle taarab, laoch mór de chuid muintir Shainsibeáir a dhein taifeadadh ar os cionn 150 ceirnín le linn na tréimhse 1928-1950. Tá tionchar an cheoil Arabaigh, ceol scannán na hIndia agus ceol ársa Swahili le blaiseadh sna hamhráin rómánsúil, rithimiúil seo.
Eduardo De La Calle – ‘Mindfulness Hipernormalisation’ (Konsysttenzia)
Moladh ann féin é nach bhfuil ‘Mindfulness Hipernormalisation’ le haimsiú ar Spotify: tá an saothar seo leis an léiritheoir Eduardo De La Calle, atá lonnaithe in Madrid, róluachmhar le bronnadh saor in aisce ar chluasa an éisteora phatuair.
Ceol leictreonach domhain den chaighdeán is airde atá romhat, idir theicneocheol teibí (‘Hope 7382’, ‘The Vaccine’s Progression’), cheol comhthimpeallach cranrach (‘Dead Tribute’, Chords From My Own Narcissism’) agus ceol aoibhinn séiseach (‘Get Used To Electronic Money’, End Of a techno Era’). Turas go cathair ghríobháin an chomhfheasa.
Tá sé íorónta go mbaineann roinnt den ealaín chlúdaigh is gránna atá feicthe agam i mbliana le ceann de na na halbaim is fearr atá cloiste agam, ach ná bac sin!