Tá fuinneamh iontach, rachtúil an ógánaigh ag baint le début Shamir Bailey.
Fuinneamh gan náire den saghas céanna a bhí le clos ar albam début Dizzee Rascal (Boy In Da Corner, 2003).
Mar aon le Dizzee Rascal, bhí Shamir fós ina dhéagóir nuair a dhein ceirníní XL é a shíniú anuraidh.
Ach seachas greann searbh a gcuid amhrán, scaití, sin deireadh le cosúlacht na beirte.
Ní haon bhithiúnach trodach mar Dizzee Londan é Shamir, ach fear óg andraigíneach as Northtown, bruachbhaile ó thuaidh ó Las Vegas.
Ceol tíre a bhí mar a chéad ghrá aige nuair a phioc sé suas an giotár agus é in aois naoi mbliana (gléas a chasann sé bun os cionn go dtí an lá inniu).
Snámhann glór mín cuntraiteanóir Shamir idir na hinscní, mar a dúirt sé de tweet i mí Mhárta:
“To those who keep asking, I have no gender, no sexuality, and no fucks to give.”
Sin díreach an spiorad a bhaineann le hamhráin mar ‘Make A Scene’, port house le roiseanna sintéiseora gliondracha neon agus liricí lán d’iaróin (“live it up it’s Saturday night, so lets puke our guts and start some fights, it’s side effects of teen-idolness, all adulthood is one big mess”) agus an singil galamaisíoch ‘On The Regular’ (“Yes, yes, I’m the best, Fuck what you heard, Anything less is obviously absurd”).
Má tá téamaí amhráin Ratchet bainte díreach ó dhialann an déagóra, tá lorg an léiritheora, Nick Sylvester Nua Eabhrac, ar cheol féin an albaim.
Tuigtear ó phreasráiteas Shamir gur ag feidhmiú de réir an mhantra “genre is a tool, not a boundary” a bhíodar sa stiúideo, ach n’fheadar an bhfuil tuiscint a dhóthain ag an Shamir óg ar na seánraí ar fad a bhfuil curtha isteach faoina chuid liricí ag Sylvester (synth-pop na n-ochtóidí, afrobeat, R&B, ceol house Chicago, func sicidéalach Prince) len iad a láimhseáil go háititheach.
“Just wanna see my name, Somewhere in the Hall of Fame, So on the day that I die, There’ll be something to remember me by”, a chanann Shamir ar ‘Head In The Clouds’.
Tá trí nó ceithre phop-amhrán den chéad scoth ar Ratchet ach níl a ghlór féin aimsithe fós ag Shamir, ná a dhóthain déanta fós aige le go gcuimhneofaí air amach anseo.