Glúin úr Lurgan

Soilse, ceamaraí agus lucht scannánaíochta.

Timpeall 300 déagóir ag rith thart agus iad gléasta mar Bhundúchasaigh Mheiriceánacha. Banna ceoil ag cleachtadh sa gcúlra.

Ní seit ó scannán Hollywood atá i gceist anseo ach gnáth-oíche i gColáiste Lurgan. Suite in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, tá Coláiste Lurgan tar éis aird an domhain mhóir a tharraingt orthu féin mar gheall ar na físeáin cheoil a dhéanann siad – leagan Gaeilge d’amhráin atá sna cairteacha de ghnáth.

Rinneadh leagan den amhrán Geronimo le ‘Sheppard’ an oíche sin. Oícheanta eile bhí lucht Lurgan ar chláir shuaitheanta de chuid RTÉ mar The Late Late Show agus Tonight with Miriam O’Callaghan. Is cinnte go bhfuil ag éirí leis an gcoláiste beag seo ardán nua a bhaint amach don Ghaeilge.

Is i gColáiste Lurgan a tháinig an bhuíon cheoil ‘Seo Linn’ le chéile, grúpa ceoltóirí a bhí taobh thiar de chuid mhaith de na físeáin a rinneadh sa gcoláiste le roinnt blianta anuas. Ach i mbliana tugadh an bata ceoil ar aghaidh chuig glúin nua de cheoltóirí óga.

“Bheartaigh muid féin agus Mícheál (Ó Foighil, bainisteoir an choláiste) go seasfadh muid siar píosa,” a mhínigh Cathal Ó Ruaidh, atá ina bhall de Seo Linn.

“Anuraidh bhíomar i ngach aon fhíseán, ach tá sé níos fearr go mbeadh na gasúir iad féin níos lárnaí, mar is dóibh siúd atá sé. Bhí an tallann dochreidte anseo i mbliana agus tá sé iontach an oiread daoine óga ag an aois sin a fheiceáil ag canadh.”

Treo nua

Aithnítear treo nua Lurgan sna físeáin atá déanta acu i mbliana.

Tá na scoláirí iad féin mar phríomhamhránaithe sna físeáin agus tá na na físeáin ceoil ar na rudaí is mó a mheallann daoine óga go hIndreabhán.

I mbliana bheartaigh Michaela, as Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall, teacht chomh fada le Conamara chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh seachas cúrsa a dhéanamh i nGaeltacht Thír Chonaill le go mbeadh deis aici a bheith páirteach sna físeáin.

tg-lurgan-1

“Chonaic mé a lán físeán ceoil ar an idirlíon. Is aoibhinn liom ceol agus a bheith ag canadh agus bhí an chuma air go raibh daoine ag baint taitneamh mór as, go raibh craic den scoth ann,” arsa Michaela.

Ar bhain sí taitneamh as Lurgan? “Na seachtainí is fearr i mo shaol!”

Bhí Michaela agus a macasamhail eile ag obair in éineacht le Megan Ní Dhonnchú agus Ian Mac Gabhann, beirt mhac léinn Gaeilge a tháinig chun tosaigh le cúrsaí ceoil a stiúradh an samhradh seo.

Mar a bhí baill Seo Linn, tháinig Megan agus Ian fríd an chóras i Lurgan agus iad beirt mar chúntóirí roimhe. Reáchtáil siad rang ceoil gach maidin le grúpaí éagsúla scoláirí chun amhráin nua a thriail.

Tógadh, chomh maith, ar iarrachtaí cór an choláiste a láidriú le níos mó scoláirí ná riamh páirteach sa chór a rinne leagan breá de Hozier Take Me To Church.

Míníonn Ian an próiseas a bhaineann leis na hamhráin a roghnú; “Tagann grúpa le chéile, agus déantar liosta amhrán atá sna cairteacha ceoil faoi láthair, nó amhráin ar leith a bhfuil spéis ag daoine ann,” ar seisean.

“Tá sé go maith amhrán a phiocadh atá ag déanamh dul chun cinn ar na haerthonnta seachas amhrán a bhfuil an-tóir air cheana féin agus muid ag ullmhú don taifeadadh.”

Tugtar fóram agus tacaíochta chomh maith do scoláirí ar mhaith leo amhráin nuachumtha dá gcuid féin a chur i láthair, mar a rinne Saidhbhe Ní Chuillinn lena hamhrán ‘Taibhsí i Mo Cheann’ agus triúr buachaill ó Chúrsa C lena dtraic úr ‘Nach Bhfuil Sí Deas’ i mbliana. Seiceáil amach iad ar Youtube TG Lurgan.

Tionchar an chlú

Ach cén sórt tionchair a imríonn an méid airde a fhaigheann Coláiste Lurgan ar ghnáthshaol an choláiste?

“Ceapaim go bhfuil sé níos fearr neamhaird a thabhairt ar an gclú ar fad atá tar éis teacht ar an gcoláiste” arsa Megan. “Déanann muid iarracht dul ar aghaidh gan a bheith ag smaoineamh ar an mbrú nó ar thuairimí daoine eile.”

Aontaíonn Cathal Ó Ruaidh léi.

“Is coláiste samhraidh é Lurgan agus tá muid chun craic agus spraoi a bhaint as an samhradh. Má tá spéis ag daoine breathnú ar na físeáin a dhéanann muid – iontach. Muna bhfuil, tá sé sin togha chomh maith.”

An dearcadh atá ag an triúr acu ná go mbeidh na scoláirí iad féin in ann breathnú ar ais ag na físeáin agus cuimhní cinn an tsamhraidh a chruthú, ach níl aon amhras ná go gcuirfear an Ghaeilge i láthair ar bhealach dearfach agus go bhfuil sé sin ag dul i bhfeidhm ar dhaoine.

Ach céard atá i ndán do Choláiste Lurgan sa todhchaí?

An cheist atá ar bharr mo theanga féin ná an mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh ag déanamh físeán ar ardchaighdeán agus ag cur leis an rath atá orthu.

Ní fios don triúr seo cén chaoi a mbeidh siad in ann físeáin níos fearr a dhéanamh ach níl aon amhras orm go bhfuil cúpla cleas acu fós. “B’fhéidir go ndéanfaimis ceann ar an ngealach amach anseo”, arsa Megan agus í ag gaire.

SCÉALTA EILE