Mar chuid den tsraith aithrisí ‘Ceol sa Séipéal’ ag an fhéile Consairtín in Inis, Contae an Chláir, bhronn Emer O’Flaherty a halbam début orainne mar lucht éisteachta. Go dtí seo is ainm don albam ón chumadóir amhrán is ceoltóir dátheangach as Inis atá ag casadh ceoil óna hóige. Is í seo an chéad uair atá taifead déanta aici ar an bhua seo áfach.
Tá seónna aonair déanta ag Emer ag féilte i nDún Éideann agus i bPrág, tá go leor duaiseanna buaite aici don amhránaíocht thraidisiúnta agus neamhthraidisiúnta ag Oireachtas na Gaeilge. Tá comórtais náisiúnta agus idirnáisiúnta Phan Cheilteach buaite aici le Paddy Mulcahy agus Angelo Heart leis an amhrán nua-chumtha ‘Taibhse’ fosta. Deir Emer go bhfuil scríobh agus taibhiú i nGaeilge an-tábhachtach di mar “braitheann sí gurb é an bealach is cumhachtaí chun áilleacht agus castachtaí teanga a thaispeáint tríd na healaíona”.
Bhí sí ina ball den ghrúpa Dúchas agus Dóchas le trí bliana anuas. Chuaigh an grúpa ar chamchuairt náisiúnta le seanamhráin Ghaeilge as Contae an Chláir faoi stiúir Dhiarmada de Faoite. Tá an pianó, an fhliúit, na feadóga agus an consairtín ag Emer agus tá an-tóir uirthi mar thionlacaí d’amhránaithe de gach seánra.
Is é Go dtí seo an chéad cheirnín agus eisiúint atá taifeadta ag Emer. Cluintear amhránaithe eile ar an togra fosta, mar atá Edel Vaughan (guth, feadóg mhór), Therese McInerney (fidil), Gráinne Cotter (fidil), Philip Fogarty (bosca ceoil), Paddy Mulcahy (dordghiotár) agus Angelo Heart (drumaí).
Léiríonn na deich rian “taiscéalaíocht cheoil Emer go dtí seo” ón sean-nós (‘Cúirt Bhaile Nua’ agus ‘Amhrán na Leabhar’) chuig na hamhráin nua-chumtha atá scríofa aici. Grá don dúlra agus ómós áite atá go mór chun tosaigh ina cuid scríbhneoireachta.
Quentin Cooper a thaifead an t-albam ar fad i seomra suí Emer, agus Jack Talty a mháistrigh an togra. Ana Colomer a dhear ealaín chlúdaigh an albaim. Is féidir an t-albam a cheannach ar líne ar Bandcamp agus ar shuíomh gréasáin Emer.