Tá an tríréad pianó Gogo Penguin as Manchain ag gnóthú aird agus moladh ó éisteoirí snagcheoil agus éisteoirí ceoil leictreonaigh araon ónar eisíodh albam début an ghrúpa (Fanfares) ar lipéad ceoil an trumpadóra Matthew Halsall, Gondwana, siar i 2012.
Le seoladh Man Made Object, ar an lipéad snagcheoil is íocónaí ar domhan, Blue Note, tá an piongain seo ag lupárnach isteach i gcomhluadar na máistrí.
Ní haon ghnáth tríréad pianó é Gogo Penguin, is ní haon ghnáthcheirnín snagcheoil é Man Made Object (má tá a leithéid ann a thuilleadh, fiú).
Níl aon chaint san aer ar bun ag Chris Illingworth (pianó) nuair a deir sé go bhfuil sé mar aidhm ag Gogo Penguin ceol leictreonach a sheinm ar uirlisí fuaimiúla.
Tá an tallann agus samhlaíocht acu chuige.
Cumtar ceol ar dtús ar ríomhaire, ag baint feidhm as bogearraí mar Logic agus Ableton, is déantar iarracht ansin bealaí a aimsiú chun an ceol úd a chasadh beo ar phianó, olldord agus drumaí.
An toradh ná ceol a chastar go fuinniúil éirimiúil a bhfuil macallaí de liriciúlacht shaothar snagcheoil Esbjorn Svennson Trio ann ar lámh amháin (ba i gcuimhne ar Svennson, a bádh i dtimpiste tumadóireachta in 2008, a chum Gogo Penguin an píosa ‘Seven Sons of Bjorn’ atá le clos ar Fanfares) agus léiritheoirí leictreonacha ar an lámh eile.
Tá lorg an léiritheora Four Tet ar rithimí, ar siansaí foluaineacha ‘Branches Break’, agus ar ‘Protest’ cloisfear tionchar léiritheoirí druma agus dord mar Stray ar dhrumadóireacht ildánach Rob Turner.
Téann ‘Smarra’ as radharc i néal saobhadh leictreonach, mar a dhéanfadh rianta The Third Eye Foundation (Matt Elliott) tráth.
Níl drochphíosa ceoil le clos ar Man Made Object – fiú sa chás amháin nach n-aimsíonn Illingworth fonn láidir ar a phianó (‘Quiet Mind’), tá draíocht a dhóthain ag baint le hidirghníomhú an tríréid chun do shásaimh.