Luisne mhilis Gold Celeste

Ní minic ainm grúpa chomh mór in oiriúint dá gcuid ceoil agus atá i gcás Gold Celeste na hIorua agus an glór loinnreach psyche-pop atá le clos ar a gcéad albam.

Is éard atá i gceist le gold celeste, de réir a bhfuil le rá ag amhránaí an ghrúpa, Simen Hallset, ná “na dathanna agus soilse áille a chífeá sa spéir díreach roimh don ngrian dul faoi istoíche, nó díreach tar éis di éirí ar maidin”.

Feiniméan a mheallfeadh duine chun pé gnó a bheadh ar bun acu a chur go leataobh, agus géilleadh don eispéireas céadfach rompu amach.

Díreach an rud a dhéanann ceol Golden Celeste.

Samhlaigh The Flaming Lips ar Prozac, nó Sigur Ros le Brian Wilson na Beach Boys ar na cnaipí.

Taipéis chrithlonrach d’amhránaíocht mhealach, giotáir srathacha, sintéiseoraí analógacha, agus drumadóireacht scaoilte, brufanta Petter Andersen.

Ceol milis le cuinní cuara.

Amhráin lán dea-mhéine.

Ach tá easpa éagsúlachta ann ó thaobh luais agus uigeachta de a chiallaíonn go bhfuil The Glow beagáinín ró-mhilis le héisteacht leis ina iomlán.

Is fusa na hamhráin aonair a shlogadh siar ná gloine Bailey’s, ach an ólfá an buidéal ar fad?

É sin ráite, tá singilí láidre anseo – lena churfá tógalách (“this is the time of your life, and you know it”) ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh ‘Time of Your Life’ ina aintiún san indie-disco nuair a eiseofar mar shingil é amach anseo.


SCÉALTA EILE