Is deacair cos a chur amú nuair a bheirtear glór chomh meallacach sin is atá ag Alison Goldfrapp ort.
É ráite, is é albam début taibhsiúil Goldfrapp (Alison Goldfrapp & Will Gregory), Felt Mountain (2000), an t-aon albam dá gcuid go raibh sé riamh de nós agam éisteacht leis ina iomlán ó thús go deireadh.
Ó shin i leith ba ghrúpa singilí é Goldfrapp (domsa, ar aon nós) agus fuaim synth-pop a dtarna albaim Black Cherry (2003) ag fógairt go raibh scóip faoin ngrúpa cluasa an urláir rince agus an raidió FM a mhealladh.
Is cad iad mar shingilí.
Mothaíonn ochtar as gach deichniúr, idir fir is mná, 43% níos banúla agus níos gnéasúla is iad ag rince le hamhráin mar ‘Ooh La La’, ‘Ride A White Horse’, agus ‘Train’ (nó sin a mheasfá!).
Spreagann 7ú albam Goldfrapp, Silver Eye, an cheist chéanna is a bhíonn i gceist i gcónaí nuair a éistear le ceol nua: cén Goldfrapp atá chugainn an babhta seo?
Rud beag de chaimileon é an grúpa.
Caimileon ar mhórán stíle is ar bheagán náire.
Ar Silver Eye cloisimid an Goldfrapp ag fliceáil trí dhathanna an speictrim, ach ní éiríonn leo dath a chur orthu féin nár chaith siad cheana.
Tá macallaí de gach a bhfuil déanta ag Goldfrapp ó thús an chéid le clos anseo, ach faic nua i ndáiríre.
Singil breá don raidió FM é ‘Anymore’, le rif iontach dhrantánach shintéiseora.
Tá an ceol go diail ach d’fhéadfadh na liricí gan spréach (“I can’t wait any, wait anymore”) bheith bainte ó amhrán de chuid Kylie Minogue.
Tá an ‘Systemagic’ cosmach níos fearr mar amhrán.
Ar ‘Tigerman’ gléastar fuaim Felt Mountain in éadach níos snasta ná feilt lomrach.
Seasann fuaim italo-disco ‘Everything Is Never Enough’ amach, freisin, ach tríd is tríd níl amhráin Silver Eye láidir a dhóthain.
Is cuma an loinnir atá curtha ag Gregory agus an wunderkind de léiritheoir Haxan Cloak (Bjork) ar amhráin mar ‘Faux Suede Drifter’ agus ‘Zodiac Black’, ní éiríonn leo aird an éisteora a choimead.
Níl éirithe ag bua aeisthetiúil Goldfrapp an lámh in uachtar a fháil ar an easpa substainte an babhta seo, faraor.