Cad é seo, go díreach?
Roimh lá an bluesman i SAM bhí an songster i réim – amhránaí fánach le stór mór amhrán de gach saghas ag taisteal ó áit go háit ag soláthar amhrán mar ba ghá i dtábhairní agus ag cóisirí.
Ba júcbhosca agus dioscmharcach bainise na linne an songster san uair roimh fhorbairt an fhónagraif agus raidió.
Deirtear go raibh os cionn 500 amhrán ina cheann ag Lead Belly (thuas), fear a bhfuil le clos ar The Rough Guide to The Blues Songsters – Reborn & Remastered i gcomhluadar leithéidí Mississippi John Hurt, Charley Patton, Blind Blake, Peg Leg Howell, Hambone Willie Newbern agus Henry Thomas.
An bhfuil aon mhaith ann?
Seans go bhfuilim claonta – táim ag éisteacht le luath-cheol blues ó bhí mé i mbroinn mo mháthar – ach tá an bailiúchán seo gan locht.
Amhráin iad seo faoi ghnéas, drugaí, cearrbhachas, éad, uaigneas, fimínteacht agus ropairí bóthair, is níl droch-cheann ina measc.
Tugann ‘Don’t Leave Me Here’ le Henry Thomas – a bhí 53 bliain d’aois nuair a rinneadh an taifeadadh seo in 1927 – léamh dúinn ar bhlas an cheoil ghoirm ag tús an 20ú Aois.
D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi ‘James Alley Blues’ (1927) le Richard ‘Rabbit’ Brown (seans go bhfuil leagan Dylan cloiste agat), fear nár dhein ach cúig amhrán a thaifeadadh le linn a shaoil.
Is beag ceol a chloisfeá a sháródh méar-phiocadh leachtúil Mississippi John Hurt ar ‘Frankie’ (1928), agus tá fáilte i gconaí roimh an ‘Midnight Special’ (1934) síorghlas le Lead Belly.
Tá amhránaithe bána le clos freisin – Frank Hutchinson ag cruthú lena leagan aigeanta de ‘Stackalee’ (1927) go raibh an saol dathdhall riamh nuair a bhí bunús dea-amhráin i gceist, agus Dick Justice ag caochadh súile duit agus loinneog ‘Cocaine’ (1929) (“I’m simply mad about my good cocaine”) á chanadh aige.
Laigí?
Beag ceann – ní rabhais ag súil le psy-trance, Tiesto nó ceol gamelan, an rabhais?!
An breithiúnas?
Bunús na gormacha tiomsaithe agus athmháistrithe go deas.