‘Grá domhain’ ag Saoirse Ronan don Ghaeilge

Cloisfidh na mílte dalta scoile an Ghaeilge á labhairt ag Saoirse Ronan agus Macklemore inniu agus cóipeanna den albam Gaeilge CEOL 2018 dáilte ar pháistí scoile ar fud na hÉireann ag Conradh na Gaeilge.

Cuirfidh an bheirt réaltaí móra fáilte roimh an éisteoir ar an albam nua le “haitheasc cumhachtach faoin nGaeilge”, sula gcloisfear 16 amhrán i nGaeilge ó cheoltóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Dúirt Saoirse go bhfuil “grá domhain” aici don Ghaeilge agus “ríméad” uirthi go bhfuil a glór le cloisteáil ar an albam nua.

“Ní cainteoir dúchais Gaeilge mé, níor fhás mé aníos á labhairt go laethúil. Ach fós féin, tá grá domhain agam di agus tuigim, mar a thuigeann an chuid is mó d’Éireannaigh, na bealaí ina saibhríonn sí ár gcultúr agus a neartaíonn sí ár bhféiniúlacht Ghaelach.

“Tá ríméad orm go bhfuil go ghlór le cloisteáil in éineacht le glór Macklemore, a mhaíonn as a oidhreacht Éireannach go bródúil ar fud an domhain. Tá an-áthas orm freisin go bhfaighidh chuile dhalta meánscoile leaganacha inár dteanga dhúchais de chuid den cheol Éireannach agus idirnáisiúnta is fearr ar domhan,” a dúirt sí.

Seoladh cóip den albam, saor in aisce, chuig gach uile bhunscoil in Éirinn agus tá cóip geallta do 350,000 dalta meánscoile ar fud na hÉireann, mar chuid den cheiliúradh mór atá á dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge i mbliana. 

Tarraingíodh aird mhór ar albam CEOL na bliana seo níos túisce i mbliana nuair a nochtadh ar an suíomh seo go mbeadh an banna cáiliúil ceoil as Meiriceá Wheatus le cloisteáil agus iad ag canadh i nGaeilge ann. Eisíodh leagan Gaeilge den amhrán ‘Teenage Dirtbag’, faoin teideal Gaeilge ‘Stócach Brocach’, mí Aibreáin na bliana seo. 

Ó shin i leith, bhí rianta á scaoileadh ar bhonn rialta ag Conradh na Gaeilge ón albam nua, ceol ó The Academic, Picture This, agus Kodaline ina measc. Tá seinnliosta iomlán an albaim fógartha anois ag Conradh na Gaeilge agus RTÉ 2FM, áfach, agus 16 amhrán ar an iomlán ann. 

Ar na ceoltóirí eile atá ar CEOL 2018, tá Gavin James, Hudson Taylor, The Coronas, Chasing Abbey, Delorentos, agus Seo Linn. Dé hAoine seo caite, bhí an t-amhránaí Gaeltachta, Sibéal, ar an gclár The Late Late Show agus leagan Gaeilge den amhrán ‘Linger’ le The Cranberries á chanadh aici. Thug The Cranberries cead do lucht CEOL 2018 bunrian an amhráin a thaifead Dolores O’Riordan, nach maireann, a úsáid don leagan nua Gaeilge. Bhásaigh Dolores O’Riordan, príomhamhránaí The Cranberries agus Gael, go tobann níos túisce i mbliana. 

Cuirtear críoch leis an albam le hamhrán nuachumtha Gaeilge ó bheirt cheoltóirí óga, Nóra agus Jade, a bhuaigh an comórtas scríofa amhrán BEO 2017 lena n-amhrán ‘Fuil na nÓg’. 

Tá Conradh na Gaeilge, Raidió Rí Rá agus RTÉ 2FM ag obair as lámha a chéile le blianta beaga anuas leaganacha Gaeilge d’amhráin cháiliúla a sholáthar. Eisíodh an chéad albam, faoin teideal ‘Snag’ in 2005, agus eisíodh dhá cheann déag eile sa tsraith ó shin. 

SCÉALTA EILE