Micheál Mac an Bheatha ar thioscal ceoil an lae inniu agus an ‘rogha’ atá ar fáil dúinn…
Níl trua de laghad agam do na mórlipéidí ceoil seo atá ag streachailt anois chun teacht i dtír agus daoine ag roinnt ceoil go mídhleathach.
Cén chúis an nimh seo? Lig dom scéal a ársaí daoibh agus beidh muid ar fad neadaithe sa tuairim chéanna, tá súil agam…
Bhuel, ‘ar ais sa lá’, téim isteach go baile mór an Iúir chun singil a cheannach.
An leagan a rinne Shane MacGowan de ‘My Way’ – char thuig mé ag an am sin gur chóipeáil sé na Sex Pistols díreach glan ach cibé ar bith.
Isteach liomsa chuig an siopa seo, níl mé ag dul é a ainmniú ach bhí an t-ainm cosúil le Wellworths, ach ní Wellworths a bhí ann.
Chuaigh mé a chuartú ceirnín nua Shane na bhfiacla deasa ach theip sé orm é a fháil, cha raibh acu ach an ‘Tap Farty’ mar a déarfá.
Maith go leor, a dúirt mé liom féin, cuirfidh mé ceist ar an chailín ag an deasc, agus amhlaidh a rinneas.
Dhearbhaigh sí dom nach mbíodh acu ach an ‘Tap Farty’. Muise!
Ansin, tharla sé, sula raibh an t-am agam mo theanga a smachtú tháinig an cheist amach. Ceist shoineanta a bhí ann, tá sé tábhachtach dom go gcreideann tú mé ar an phointe sin.
“But sure, how ken a recard git inta tha Tap Farty if ye ken only buy what’s init already?”
“Níl a fhios agam,” a dúirt cailín na deisce go neirbhíseach. Shíl mé go raibh sí chun caitheamh amach, dáiríre, b’shin an chuma a bhí uirthi.
B’ansin a chonaic mé a méar ag bogadh i dtreo an fhóin – “Whadda ye doin’?” arsa mise.
“Tá mé ag cur glaoch ar an bhainisteoir,” ar sise.
“Yer wha?,” a deir mise, “no need, don’t ba’ar, doesn’ matter.”
Ró-mhall, cibé caidé cnaipe a bhrúigh sí, nocht mo dhuine níos gaiste ná cú.
Fear beag, cuma bhainisteoir siopa air amach is amach, feasóigín gabhair air – tá a fhios agat féin.
“An bhfuil fadhb ann?” a deir sé go dáiríre.
“Prablam?” arsa mise, “no prablam at awl boy, I jist ast ye girl there how do recards git inta tha Tap Farty if ye can only buy recards in the Tap Farty.”
“O,” ar seisean, “tá sé sin casta.”
Go dtí an lá atá inniu ann, níl a fhios agam beo cén dóigh arbh fhéidir leis sin a rá.
“Oibríonn sé le ‘projections’, ní ionann é agus an méad céiríní a dhíoltar… éhm… go díreach.”
“Proyectyins? a dúirt mé, “ye mane its nathin t’ do wi’ the much yis ‘re sellin?”
“Bhuel, baineann sé leis an méid a shíleann muid go bhfuil muid chun a dhíol,” a d’fheagair sé.
Sea, níor thuig mise cad é a ba chiall leis sin ach an oiread.
Ach ag amharc siar, tuigim anois gurb é an rud a bhí sé ag rá i ndairíre ná: “Seo na cinn a ba mhaith linn sibh a cheannach.”
I bhfocal eile, i gcás na gcairteacha móra, is cur i gcéill an rud ar fad.
Níl aon smacht againne mar ‘mhargadh’ ar a bhfuil sna cairteanna – na siopaí a dheachtaigh sin, agus lean muidne iad mar a bheadh caoirigh ionainn, ag ceannach na gcéiríní a shíl muid a raibh á gceannach ag gach duine eile.
Tá an scéal éagsúil ar ndóigh le ceoltóirí áitiúla a bhíonn ag treabhadh leo ach mórshaol an cheoil? Bréag amach is amach.
Cibé ar bith, ar ais chuig an siopa sin a raibh ainm cosúil le Wellworths aige ach nárbh Wellworths é.
Mar sin, seo an dís againne inár seasamh mar a bheadh leamhsháinn Mheicsiceach ann.
Seo mise, leaidín óg cróga nach raibh uaidh ach ‘recard’, agus seo mo dhuine lena bhoilgín beorach.
Agus ansin an ráiteas mór, an ráiteas a chuir deireadh le mo chuid spéise sa cheol.
“Níor cheart duit a bheith a bheith ag cur ceisteanna mar sin,” ar seisean.
Stopfaidh mé ag scríobh ar feadh soicindín chun ligean don ráiteas sin dul i bhfeidhm ort.
“A wuz only askin’,” arsa mise.
“Amharc a bhuachaill,” a deir sé, “níl muid ag iarraidh aon trioblóid.”
“Trouble?! A’m only lookin t’ buy an oul Shane MacGowan recard,” arsa mise.
“Sílim gur cheart duit a fhágáil anois,” a dúirt sé.
“Wha!?” a deirimse ach ansin mhothaigh mé an fear beag Iúrach ramhar le croiméal bocht a bhí ina sheasamh taobh thiar de – fear ‘slándála’.
Fear beag le bolg mór beorach an tráth seo agus ‘Bomber Jacket’ air – an gcuimhin libh ‘Bomber Jackets’?
B’shin deireadh le héirí amach na maidine – bua ag an bourgeois!
Shiúil siad beirt ‘in éineacht’ liom chun an dorais agus cuireadh amach ar an tsráid mé.
Char cheannaigh mé ceirnín, téip, diosca ná mp3 ón lá sin ach ní cheannóidh mé go deo.
Ó shin amach, shíl mé gur bréag a bhí ann i dtionscadal mór an cheoil lárshrutha agus níor tháinig mé ar mórán fianaise a d’athraigh m’intinn.
Anois, abair liom a chairde – trua ar bith agat do na comhlachtaí móra ‘ceoil’?
An bhfuil fíor-rogha ann? An bhfuil fíor-mhargadh ann? An bhfuil saoirse ann? An bhfuil aon cheol ann níos mó fiú?
Agus cén áit arbh fhéidir le fear bocht leagan Shane MacGowan de ‘My Way’ a cheannach?