Grá Giofóige…

Giofóg Sheirbiach é Branko, veidhleadóir éirimiúil a bhfuil léamh samhlaíoch, fuinniúil aige ar cheol a dhúchais.

Amhránaí agus cairdíneoir Sasanach í Faith.

Bhí Faith ag obair le Gifford’s Circus nuair a casadh Branko uirthi, í tar éis tabhairt faoi na tíortha Balcánacha sa tóir ar veidhleadóir Romach dá céad chamchuairt eile leis an sorcas.

Gan teanga i gcoitinne acu, d’fhás caidreamh ceoil idir Faith agus Branko, caidreamh a chas ina chumann rómánsúil de réir a chéile.

Déanann Gypsy Love scéal Faith agus Branko a insint i bhfoirm an cheoil.

Tugann siad sinn ar aistear corrach ón lá a thugadar faoi cheol a roinnt lena chéile den chéad uair, mar strainséirí, go lá a bpósta.

Is iomaí cor agus casadh a bhí ar an aistear céanna de réir dealraimh, rud a chinntíonn go bhfuil éagsúlacht mothúchán le clos atá go mór chun sochair Gypsy Lover mar shaothar.

Tá ceol Giofóg Balcánach roghnaithe mar theimpléad ag Faith agus Branko, ach feidhmíonn acmhainn ghrinn Shasanach Faith mar chodarsnacht chun an srian a theannadh ar stíl Branko, atá idir theasaí agus thruamhéileach.

Má chiallaíonn sé sin go bhfuil amhráin mar ‘Sister’ agus ‘Prozac’ rud beag ar nós Fanfare Ciocarlia ag jamáil le Lily Allen, bhuel, cén dochar?

Más ceol misniúil na ngiofóg Balcánach casta sa mhodh díreach atá uait, éist le ‘Faith i Branko’ meidhréiseach nó le ‘Bumbar’, port a théann ó 0 go 60msu chomh tapa le The Stig in Ferrari, ag tabhairt faoi chúinní géara ar dhóigh chomh sciliúil céanna leis.

Baineann an ‘Sydney Swing’ suairc le tréimhse a chaith Faith agus Branko ar camchuairt leis an sorcas san Astráil, ach tá blas milis-searbh ar ‘Valjevo’.

Píosa mall mianchumhach pianóthiomáinte é atá bunaithe ar thréimhse ceithre bliana a bhí an lánúin scartha óna chéile go minic agus iad ag iarraidh cead cónaithe i Sasana a fháil do Bhranko.

Téann liricí ‘Right Road’ amú ó bhóthar na hinspioráide, is fíor, agus níl gá le hathmheascadh ciotrúnta druma is doird Gaetano Fabri, ach maithfimid do Faith agus Branko a gcuid lochtanna.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil croí na lánúine seo san áit cheart, agus is diail na ceoltóirí iad.

SCÉALTA EILE