Tá áthas ar NÓS a fhógairt inniu go bhfuil Gradaim Cheoil á reáchtáil ag an iris den chéad uair riamh.
Is chun aitheantas a thabhairt do na hamhránaithe, na ceoltóirí agus na bannaí éagsúla a bhíonn ag saothrú as Gaeilge anois san iliomad seánraí ceoil atá na gradaim seo á mbunú agus tá béim ar leith á cur sna rannóga ar an cheol nuachumtha atá ag teacht chun cinn sa Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.
Seacht rannóg ar fad atá sna gradaim, sé cinn acu ag díriú ar cheol úr – Amhrán na Bliana; Albam na Bliana; Físeán Ceoil na Bliana; Núíosach na Bliana; Banna/Ceoltóir na Bliana agus Gig Bheo na Bliana – agus rannóg amháin ann don albam is fearr d’amhráin thraidisiúnta athchóirithe.
“Ceann de na fáthanna ar cuireadh NÓS ar bun ná chun ardán a thabhairt do cheoltóirí ceannródaíocha Gaeilge agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nuacheol a bhíonn á chruthú acu,” arsa Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir NÓS.
“Léiríonn taithí ó áiteanna eile ar domhan – ón Ghraonlainn go dtí an Bhreatain Bheag ar aghaidh go Tír na mBascach agus níos faide i gcéin – go bhfuil ceol comhaimseartha ina uirlis riachtanach ag aon chultúr nó ag aon phobal teanga atá ag iarraidh todhchaí níos gile a chruthú dó féin.
“Tá níos mó daoine ag cumadh agus ag ceol i nGaeilge anois ná mar a bhí le fada an lá agus ba mhian linn an treocht dhearfach seo a aithint agus a cheiliúradh.
“Sa deireadh bheadh súil againn go spreagfadh na gradaim nua seo, agus na hiarrachtaí eile atá ar siúl ar fud na tíre, tuilleadh daoine dul i mbun an cheoil Ghaeilge.”
Is é 20 Samhain an spriocdháta chun ainmniúcháin a dhéanamh sna rannóga éagsúla agus ansin suífidh an painéal moltóireachta le chéile chun na gearrliostaí a dhréachtú agus na buaiteoirí a roghnú.
Is iad na moltóirí a bhfuil an cúram tábhachtach sin orthu do chéad bhliain seo na nGradam Ceoil ná:
– Colm Mac Con Iomaire (The Frames, fidléir ardiomrá)
– Ben Ó Faoláin (DJ, léirmheastóir ceoil NÓS)
– Lynette Fay (BBC Raidió Uladh)
– Ciarán Ó Meachair (Ceoltóir, cumadóir)
– Barbara Nic Dhonnacha (4FM)
Ní faoi na moltóirí a bheidh gach cinneadh áfach mar, a luaithe is atá na gearrliostaí fógartha ag deireadh na míosa seo chugainn, beidh deis ag an phobal vótáil ar son na gige beo is fearr le linn 2015.
Fógrófar na buaiteoirí ag ceolchoirm agus ócáid spleodrach sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine 8 Eanáir, ag a mbeidh laoch RTÉ RnaG, agus fear mór ceoil, Rónán Mac Aodha Bhuí mar aoi speisialta.
Beidh tuilleadh eolais faoin oíche mhór le fáil anseo go luath ach, idir an dá linn, is féidir dul chuig leathanach Ghradaim Cheoil NÓS chun d’ainmniúchán a dhéanamh agus do roghanna ceoil don bhliain a chur san áireamh.
Ádh mór ar chách, agus an nuacheol Gaeilge abú!