Tar éis début iontach anuraidh tá Gradaim Cheoil NÓS ar ais arís don dara huair chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil na bliana seo.
Seoladh na Gradaim 12 mí ó shin chun ardán náisiúnta a chur ar fáil don nuacheol Gaeilge agus chun aitheantas a thabhairt do na ceoltóirí agus bannaí sin a rinne gaisce ar son na teanga i bhfoirm an cheoil.
Bhailigh breis agus 350 duine le chéile sa Sugar Club, BÁC, don chéad mhór-ócáid bhronnta i mí Eanáir 2016 agus tá imeacht chomh spleodrach céanna beartaithe do Ghradaim Cheoil 2017.
I measc bhuaiteoirí na bliana seo caite bhí Eve Belle (Amhrán na Bliana), Kíla (Albam na Bliana), Doimnic Mac Giolla Bhríde (Albam Trad na Bliana), TG Lurgan (Físeán na Bliana), IMLÉ (Nuíosach na Bliana) agus Seo Linn (Banna na Bliana).
Tá athrú amháin tagtha ar na rannóga i mbliana, is é sin go bhfuil gradam nua ‘Féile na Bliana’ in ionad ‘Gig Bheo na Bliana’, a bhuaigh Rís an uair dheireanach.
Tá go dtí 30 Samhain ag ceoltóirí agus grúpaí cur isteach ar na rannóga éagsúla (is féidir sin a dhéanamh anseo) agus ansin fógrógar an gearrliosta le linn mhí na Nollag.
Is ar an Aoine 20 Eanáir 2017 a bheas an ócáid mhór féin ar siúl sa Sugar Club, Baile Átha Cliath, ag 7.30in.
Tá ticéidí luatha (early bird) ar fáil cheana féin agus moltar don lucht féachana a gcuid a fháil gan mhoill chun a n-áit a chinntiú.
Nuacheol na nGael abú!