Gradaim Cheoil NÓS ar siúl anocht sa Sugar Club

Beidh scoth na gceoltóirí comhaimseartha Gaeilge ag cruinniú le chéile sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath anocht d’oíche mhór Ghradaim Cheoil NÓS. Seo an cúigiú bliain a bheidh na gradaim á mbronnadh ar cheoltóirí atá ag cruthú ceol nua-aimseartha i nGaeilge.

Tá áthas an domhain orainn filleadh ar Chlub an tSiúcra le ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i saol an cheoil Gaeilge le bliain anuas. Tá tábhacht ar leith leis an gceol inár saol — saol pobail teanga san áireamh — agus is mian linn sin a aithint trí dhaoine a thabhairt le chéile, gradaim a bhronnadh agus craic mhór mhaith a bheith againn!

Tá idir cheoltóirí úrnua agus bhannaí aitheanta ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo agus tá ticéid fós ar fáil don ócáid mhór féin. Mar sin mura bhfuil ticéad agat cheana féin, faigh ceann anois anseo. Beidh oíche den scoth ann! 

Ar na ceoltóirí a bheidh ar an ardán anocht beidh leithéidí Ghráinne Holland, Róisín Seoighe, Ushmush, Grooveline, Cian Mac Cárthaigh, agus go leor eile nach iad.

Bronnfar gradaim sna rannóga seo: Amhrán Nuachumtha na Bliana, Albam na Bliana (Amhráin Úra), Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta), Ealaín Albaim na Bliana, Físeán Ceoil na Bliana, Nuíosach na Bliana, Ceoltóir na Bliana, Féile na Bliana.

Tá an gearrliosta iomlán ar fáil anseo.

Beidh formáid nua againn i mbliana le bronnadh na ngradam ag tús na hoíche agus ansin ceol beo ina dhiaidh sin ó ghrúpaí móra aitheanta agus ó amhránaithe úra atá tar éis briseadh isteach ar shaol an nuacheoil Gaeilge.

SCÉALTA EILE