Den chúigiú bliain as a chéile beidh gradaim cheoil á reáchtáil ag NÓS chun ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh i saol an nuacheoil Gaeilge le bliain anuas agus, gan amhras, chun cóisir go maidin a bheith againn freisin!
Ocht ngradam atá le bronnadh, atá mar an gcéanna le blianta eile, ach beidh leagan amach nua ar an oíche féin i mbliana agus cúpla iontas eile caite isteach don chraic chomh maith.
Dé hAoine 24 Eanáir 2020 dáta na hócáide, a bheidh ar siúl arís sa Sugar Club, Baile Átha Cliath. Ticéidí ar €20 ar fáil anois anseo.
Roimhe sin uilig, áfach, táimid ag iarraidh oraibhse – na ceoltóirí agus na héisteoirí – bhur moltaí le haghaidh na rannóg éagsúil a sheoladh isteach chugainn faoi Déardaoin 12 Nollaig.
Bígí linn, agus an Gaelcheol abú!