Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha a bhí ann inné, an 21 Feabhra, agus rinneadh ceiliúradh mór maith ar ár Máthairtheanga féin san Oh Yeah Music Centre i mBéal Feirste, áit ar bronnadh Gradaim NÓS 2025 os comhar slua de Ghaeil ghalánta ghlóracha.
Ba iad Kneecap na mórbhuaiteoirí agus ceithre dhuais buaite ag na rógairí clúiteacha: Ealaín na Bliana, Físeán na Bliana, Amhrán Dátheangach na Bliana agus Banna na Bliana. Is léiriú é sin gan amhras ar an bhliain speisialta a bhí ag na rapálaithe idir albam ard-ráchairte agus scannán cathréimeach a chuir an Ghaeilge sna ceannlínte ar fud na cruinne.

I measc na mbuaiteoirí eile bhí an ceoltóir cumasach as Fear Manach, Róis, ar tháinig an ‘Caoine’ draíochta s’aici amach ag barr an liosta sa rannóg Amhrán na Bliana.
An Ciarraíoch beannaithe, Súil Amháin, in éineacht leis an léiritheoir Bantum, a thóg leo Albam na Bliana dá saothar athPHORT agus ba iad cailíní Ráth Chairn, An Chéad Ghlúin Eile, a bhuaigh Albam na Bliana – Amhráin Thraidisiúnta do Cá’il an bheirt?.

Is é Macdara Ó Faoláin Nuatheachtaí na Bliana 2025 – gradam atá ainmnithe in ómós don laoch Rónán Mac Aodha Bhuí – agus bhí iníon Rónáin, Fionnuala, i láthair arís leis an duais a bhronnadh.
Agus is chuig Ard Mhacha Theas agus Piaras Ó Lorcáin a chuaigh an gradam Ceoltóir na Bliana, an chéad uair a bhí aitheantas ar leith ann do thaibheoirí aonair.
Cuireadh casadh sa scéal i dtreo dheireadh na hoíche agus Banna na Bliana á bhronnadh ar Kneecap, nach raibh i láthair, mar léim an rapálaí as Conamara, Ribe Róibéis, ar an ardán leis an ghradam a ghoid.

Agus a aghaidh clúdaithe go rúnda le masc luachra, thug sé óráid ghasta ghreannmhar uaidh faoina chuid gaiscí féin sular léim den stáitse arís agus an duais ina ghlac aige!
Beidh le feiceáil cén freagra a bheidh ag buachaillí Bhéal Feirste ar gheáitsí Ribe.
Ba é an duine a bhunaigh NÓS é féin agus na Gradaim, Tomaí Rua, a bhí ina fhear an tí agus bhí Conor Torbóid, eagarthóir na hirise, ina measc siúd a bhronn na gradaim. In éineacht leis bhí triúr Caoimhe – Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail, Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail agus Caoimhe Ní Chonaill – Dónall Mac Ruairí, Cúán de Búrca agus Eoin P. Ó Murchú.

Chomh maith leis na 9 ngradam a bronnadh chuir Aoife Welby agus a céile Declan tús aoibhinn binn leis an ócáid sular bhain The Shan Vans croitheadh ceart as an ionad le seit spleodrach.
Chuir na draoithe ceoil Clare Sands agus Seosamh Mac, i gcuideachta a dhaoine maithe féin, an slua faoi gheasa agus ba é Caoimhín a chuir críoch leictreach leis an oíche lena nua-thrad ó neamh.
Ba mhaith le foireann NÓS buíochas a ghabháil leis na ceoltóirí ar fad, leo siúd ar fad a chuidigh leis na Gradaim a eagrú agus le gach duine a bhí i láthair.
Coinnímis lasta í agus feicfidh muid ag Gradaim NÓS 2026 sibh…. an Gaelcheol abú!