Gradaim NÓS 2025 ar oscailt!

Tá an t-am sin bliana linn arís eile: ceol, craic is ól i gcomhluadar na nGael. Ní mar gheall ar an Nollaig áfach, ach tá Gradaim NÓS ag teacht ar ais in 2025 chun plúr na n-amhránaithe a chumann ceol i nGaeilge a cheiliúradh.

Ba iad Gradaim NÓS 2024 an chéad ócáid bhronnta a d’eagraigh NÓS ó aimsir na paindéime agus tá an ócáid mhór ag teacht ar ais in 2025 den seachtú huair. Bronnfar na Gradaim ar cheoltóirí san Oh Yeah Music Centre i lár Bhéal Feirste, Dé hAoine 21 Feabhra. Tá an próiseas ainmniúcháin poiblí ag glacadh le moltaí anois.

Bhuaigh Huartan an gradam ‘Nuatheachtaí na Bliana – Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí’ agus thug Súil Amháin agus Rob Mulhern ‘Amhrán na Bliana’ abhaile le ‘An Murda Meaisín’ ag an imeacht sa Black Box ag tús na bliana.

Bronnfar naoi ngradam ag Gradaim NÓS 2025: dhá ghradam níos mó ná mar a bhí againn in 2024. Rinne an coiste moltóireachta cinneadh ‘Banna/Ceoltóir na Bliana’ a scaradh idir ceoltóirí aonair agus grúpaí de bheirt nó níos mó.

Le teacht chun cinn na n-amhrán dátheangach le blianta beaga anuas, cruthaíodh an rannóg nua ‘Amhrán Dátheangach na Bliana’ le haitheantas a thabhairt do cheoltóirí atá ag cruthú saothair i nGaeilge agus teanga eile nach í. Tá íosmhéid de 25% liricí Gaeilge de dhíth chun bheith incháilithe don rannóg seo agus, leis sin, tá íosmhéid de 75% liricí Gaeilge de dhíth chun cur isteach ar ‘Amhrán na Bliana’.

“Bhí roinnt iontrálacha dátheangacha againn an uair dheireanach agus ba dhúshlán é iad a chur i gcomparáid le hamhráin atá go hiomlán i nGaeilge,” arsa Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir NÓS.

“Is cosúil go bhfuil an treocht sin go fóill i dtreis mar sin de chinn muid rannóg ar leith a chur isteach sna Gradaim i mbliana le go gclúdófaí na bannaí agus na hamhránaithe sin chomh maith.

“D’éirigh go hiontach leis an oíche a bhí againn i mBéal Feirste i mí Feabhra agus tá mé ag súil le hócáid spleodrach den chineál chéanna i gceann cúpla mí.”

Is painéal moltóirí ar a bhfuil ionadaithe ó NÓS, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Féile na Gealaí a roghnóidh na buaiteoirí i ngach rannóg.

Iarrtar ar dhaoine na moltaí atá acu do Ghradaim NÓS 2025 a sheoladh isteach anseo faoin 3 Eanáir 2025.

Foilseofar an gearrliosta mí roimh na Gradaim nuair a bheidh cinneadh déanta ag na moltóirí bunaithe ar na hainmniúcháin a seoladh isteach.

Beifear in ann ticéid a cheannach do Ghradaim NÓS 2025 san Oh Yeah Music Centre i mBéal Feirste gan mhoill.

Húp ceol na nGael!

SCÉALTA EILE