Tá Gradaim NÓS ag teacht ar ais in 2024 chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí an cheoil Gaeilge arís eile.
Bunaíodh na Gradaim in 2015 le haitheantas a thabhairt do cheoltóirí a bhíonn ag cumadh agus ag canadh inár dteanga féin ach níor eagraíodh iad ó bhí an phaindéim ann.
Tá sin á chur ina cheart anois agus iarratais á lorg do Ghradaim NÓS 2024, a bhronnfar ag ócáid speisialta sa Black Box i mBéal Feirste, Dé hAoine 9 Feabhra.
7 rannóg atá i gceist leis na Gradaim – a chlúdaíonn gach rud ó Amhrán agus Banna na Bliana go dtí an Físeán agus an Ealaín Albaim is Fearr – agus tá áthas mór ar NÓS a fhógairt gur in ómós don chraoltóir ceannródaíoch Rónán Mac Aodha Bhuí, a fuair bás i mí Mheán Fómhair, a bheidh an duais do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ ainmnithe feasta.
“Rinne Rónán an oiread sin le saol ceoil na Gaeilge a chur chun cinn i gcaitheamh na mblianta,” arsa Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir NÓS.
“Thug sé spreagadh do cheoltóirí, sheinn sé a gcuid amhrán ar an raidió, d’eagraigh sé ceolchoirmeacha agus féilte, chothaigh sé lucht éisteachta – thuig sé an tábhacht a bhaineann le saol ceoil bisiúil a bheith ann i nGaeilge agus chuir sé a chroí agus a anam isteach ann.
“Chuir sé Gradaim NÓS i láthair cúpla uair fosta agus thacaigh sé go mór leis an choincheap ón tús mar sin shíl muid go mbeadh sé ceart agus cuí an duais do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ a ainmniú ina dhiaidh.
“Chuir sé misneach i ngach ceoltóir nó banna nua a bhí ag teacht chun cinn agus tá sé iontach fóirsteanach gur Gradam Rónáin a bheidh á bhronnadh ar bhuaiteoirí na rannóige sin as seo amach.”
I measc iar-bhuaiteoirí an ghradaim do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ tá KNEECAP, IMLÉ, agus Aeons.
Is painéal moltóirí ar a bhfuil ionadaithe ó NÓS, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Féile na Gealaí a roghnóidh na buaiteoirí i ngach rannóg.
Iarrtar ar dhaoine na moltaí atá acu do Ghradaim NÓS 2024 a sheoladh isteach anseo faoin 1 Eanáir 2024.
Foilseofar an gearrliosta ag tús na bliana úire agus beifear in ann ticéid don ócáid bhronnta sa Black Box a cheannach gan mhoill.
An nuacheol Gaeilge abú!