Bronnadh Gradam NÓS ar an mbanna ceoil Anlann Pasta, as Cill Chainnigh, ag Craobhchomórtas Scléip Ghael Linn i mBaile Átha Cliath tráthnóna. Bronnadh an gradam speisialta ar an gceathrar óg as feabhas a n-amhráin fonc in Amharclann an Chlasaigh i mBaile Átha Cliath inné.
Dúirt eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, go raibh áthas ar an iris an gradam speisialta a bhronnadh ar an “na ceoltóirí óga cumasacha” agus go bhfuil súil aige go leor amhrán eile a chloisteáil ó Anlann Pasta sna míonna agus sna blianta amach romhainn.
“Tá an ceol nua Gaeilge ar cheann de na rudaí is tábhachtaí do NÓS agus molaimid iarrachtaí Ghael Linn ceol nua-aimseartha a spreagadh i measc an aosa óig agus molaimid go mór na ceoltóirí óga go léir a chuir isteach ar an gcomórtas,” a dúirt sé.
Bhí daltaí ó na ceithre chúige in Amharclann an Chlasaigh ar maidin agus iad ag glacadh páirt sna comórtais rince cruthaitheach, sceitsí, amhránaíochta, agus eile.
Anuraidh, rinneadh taifead ar fhormhór na mbuaiteoirí sna comórtais amhránaíochta agus d’eisigh Gael Linn dlúthdhiosca de na hamhráin ag deireadh na bliana seo caite. Tá súil ag Gael Linn an deis chéanna a thabhairt do bhuaiteoirí an lae inniu agus dlúthdhiosca d’iomaitheoirí 2019 a chur ar fáil níos deireanaí sa mbliain