Ba iad ‘Iseult agus Cairde’ ó Choláiste Íosagáin a thug Gradam NÓS don amhrán nuachumtha ag Scléip Ghael Linn a reáchtáladh sa Chlasach sa bPort Thoir i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite. Bhronn eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, Buanchorn NÓS ar an triúr dá n-amhrán ‘Níl Aon Duine Eile’. Seo an chéad bhliain a bronnadh an Corn nuachoimisiúnaithe, corn a bhronnfar ar bhuaiteoirí Ghradam NÓS ag Scléip Ghael Linn feasta.
Dúirt Maitiú Ó Coimín go raibh “an-áthas” air an gradam a bhronnadh ar chailíní Bhaile Átha Cliath agus gur thug an taispeántas a thug siad uathu ar ardán an Chlasaigh Dé Céadaoin dóchas dó faoina bhfuil i ndán don cheol nua-aimseartha Gaeilge in oirthear na tíre.
“Chuir na cailíní an-obair isteach san amhrán seo, ní hamháin sa scríobh liricí agus sa gcumadh ceoil ach sa léiriú féin ar an lá. Tugann sé dóchas dom go bhfuil grúpa mar seo, a bhfuil talann mar seo acu, ag teacht tríd an gcóras Gaeloideachais san ardchathair agus is ardú meanman atá ann go bhfuil a leithéid de chailíní cumasacha ceolmhara againn,”
“Tá amhrán álainn cumtha ag Iseult agus é ráite go haoibhinn aici féin agus a compánaigh don chomórtas seo. Tá a háit tuillte go maith aici i measc na gceoltóirí óga iontacha eile a tháinig roimpi ar nós Róisín Seoighe, an banna Beogacht, Sonny Ní Chathasaigh, agus buaiteoir na bliana seo caite Éabha Breatnach,” a dúirt sé.
Reáchtáladh Scléip Ghael Linn 2022 san fhíorshaol arís i amharclann an Chlasaigh sa bPort Thoir i ndiaidh do chomórtas na bliana seo caite a bheith ar siúl ar líne de dheasca an víris chorónaigh. Thaistil na céadta daltaí ó scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar fud na tíre go Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh ann. Craoladh an comórtas beo ar líne Dé Céadaoin agus tá an taifead ar fáil ar chainéal Ghael Linn ar YouTube anois.
Bhí Molscéal TG4 i láthair ar an lá agus beidh físeán ón ócáid le feiceáil ar a suíomh agus ar leathanach Facebook Scléip go luath. Eiseofar dlúthdhiosca de bhuaiteoirí Scléip 2022 níos deireanaí i mbliana agus beidh deis ag lucht éisteachta raidió iad a chloisteáil ar leithéidí Raidió Fáilte, Raidió Rí Rá, Raidió na Life agus RTÉ Raidió na Gaeltachta!
Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí:
Craobh Scléip 2022 – Comórtais na Maidine – Halla Mór
– Rince Cruthaitheach: Grúpaí – Sóisear
– Rince Cruthaitheach: Grúpaí – Sinsear
– Slua-Amhránaíochta
– Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap le tionlacan ó fhuaimrian taca – Sóisear
– Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap le tionlacan ó fhuaimrian taca – Sinsear
Cliceáil anseo le breathnú air.
Craobh Scléip 2022 – Comórtais na Maidine – Seomra Tom Corbett
– Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap le féintionlacan – Sóisear
– Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap le féintionlacan – Sinsear
– Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol – Sóisear
– Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol – Sinsear
Cliceáil anseo le breathnú air.
Craobh Scléip 2022 – Comórtais na hIarnóna – Halla Mór
– Grúpa Amhránaíochta sa stíl Pop/Rac Rap le féintionlacan – Sóisear
– Grúpa Amhránaíochta sa stíl Pop/Rac Rap le féintionlacan – Sinsear
– Bronnadh na nduaiseanna
Cliceáil anseo le breathnú air.