Bhí deireadh seachtaine gnóthach eile ag na Gaeil le himeachtaí spleodracha ag titim amach fud fad na tíre.
Bhailigh slua breá le chéile i gClub an Chonartha, BÁC, oíche Shathairn, le haghaidh an tséisiúin ghrinn is Gaelaí ar domhan, GaelGÁIRÍ, agus ag an am céanna bhí teach lán chomh maith i dTigh Hiúdaí, Gaoth Dobhair, áit a raibh an chéad Chabaret Craiceáilte den bhliain ar siúl.
Oíche go maidin a bhí ann ag an imeacht ceoil is ceannródaí i saol na nGael agus bhí muintir an Chabaret ag bogadh leo ar an urlár damhsa le linn don Boss Sound Manifesto agus an banna Iodálach Bianco Sporco bheith ar ardán.
Chuir an t-amhránaí sean-nóis áitiúil, Doimnic Mac Giolla Bhríde, go mór leis an ócáid ar fad.
Seo thuas blaiseadh pictiúrtha den oíche.