Ceoltóirí Éagsúla – Grime 2.0

Cad é seo, go díreach?

Dá mbeadh aon seánra ceoil chun poc leis an gceann a thabhairt duit agus do sparán a ghoid is ceol ‘grime’ a bheadh ann.

Deirfiúr ghránna cheolta úrbacha eile Londan mar UK garage agus dubstep, is stíl é grime a dhéanann fuaimeanna gránna méarchláir a cheiliúradh – é lán de bhuillí freangtha ar leathluas, dordfhuaimeanna tolla agus synth-téada géara.Domhain agus caointeach uaireanta, garbh agus trodach uaireanta eile.

Más ceol rince, go bunúsach, é ceol hip hop tá grime ar nós ceol déanta go speisialta don ghiomnáisiam dornálaíochta.

Ceol léirithe ag ógánaigh do ógánaigh – ní raibh Dizzee Rascal agus Kano beirt ach sé bliana déag nuair a thugadar aghaidh ar chairt an Top 50 na singil don gcéad uair.

Is é ‘Grime 2.0’ an bailiúchán is cuimsithí grime a eisíodh go dtí seo – spaisteoireacht uirbeach de 31 rian thar dhá dhiosca ó shean-fhonnduirí na stíle mar Wiley, Youngstar agus MRK1, chomh maith le bocanna óga ó chéin is ó chóngair mar Faze Miyake, Starkey na Stát Aontaithe, Juzlo na hAstráile, Gumnaam na hÍsiltíre agus Major Grave na hÉireann.

An bhfuil aon mhaith ann?

Mar éisteoir nár thug mórán ceann do cheol grime roimhe seo, an dá rud is mó a bhuaileann tú ná airgtheacht agus brúidiúlacht dhamanta an cheoil seo.

Glacann léiritheoirí grime seilbh ar na píosaí is gránna de garage, trance, jungle, funky house, dirty south hip hop agus dancehall reggae agus déantar uirlisí troda beaga géara astu chun daoine macánta a scanrú.

Ná cas suas ró-árd poirt mhasmasacha mar ‘Mongrel’ le SNK nó ‘Nail Thrower’ Juzlo muna bhfuil fonn ort do bhricfeasta a fheiscint don tarna uair.

Tá mionchruinneas agus doimhneas ar leith ag baint le ‘L-O-K’ le Innke, bunaithe ar ghlóranna a dhéanann liathróid ping pong agus lionsa ceamara, agus crunk grime atmaisféarach ‘5000’ le Faze Miyake.

Lúbann Chaos & Order fuaim mentasm an luath-cheoil jungle ina cruth nua ar ‘Logan’s Mind’, agus is dhá posse róbat fiaclóirí le druilirí i mbun troda a shamhlófá leis an ‘Machine Molester’ (sea, nach iontach iad na teidil?!) le Stenchman.

Laigí?

Níl aon locht ar scileanna léirithe leithéid Major Grave, Royal T, Prettybwoy nó Matt Shadetek ach ní bhaineann cluasa an léiritheora seo aon sásamh as na fuaimeanna mílse as pailléid sonacha R&B agus trance atá roghnaithe mar bhunús leis na rianta acu.

An breithiúnas?

Smúrach go smior. Léim isteach!

 

SCÉALTA EILE