Tháinig scéal amach sa bhliain 2000 go raibh albam úr á chur le chéile ag Guns N’ Roses agus go mbeadh an ghrúpa ag dul ar chamchuairt go luath. Ceannaíodh na mílte ticéad do na ceolchoirmeacha san Eoraip agus nár mhór an díomá a bhí ar chách nuair a cuireadh ar ceal é. Fógraíodh chomh maith nach mbeadh an t-albam Chinese Democracy ar fáil am ar bith go luath.
Mar sin de, tá mé féin go pearsanta ag fanacht le 9 bliain leis an albam seo, agus tá daoine eile ag fanacht níos faide ná sin.
Seo an chéad albam ón ghrúpa ó 1993 agus is ar éigin gur féidir Guns N’ Roses a thabhairt orthu go fóill mar gheall ar athruithe sa line-up.
Tá Slash agus Duff ar iarradh i measc ceoltóirí eile. Tá cuid acu gnóthach dar ndóigh leis an ghrúpa Velvet Revolver ach tá Axl Rose agus Dizzy Reed ar ais lena gcairde úra agus an saothar nua eisithe faoi dheireadh.
Caithfear a rá sa chéad dul síos go bhfuil stíl iontach éagsúil ó shean-stíl GN’R le cloisteáil ar an albam agus is cinnte nach mbeidh dúil ag gach duine ann.
Tá sé trom mar cheol, tá fuaimeanna meicniúla ag rith tríd agus tá na liricí iontach feargach… is léir go bhfuil Axl go fóill ag troid a chogaidh féin in éadan an tsaoil mhóir!
Tá tionchar láidir Industrial Metal ar an cheol seo chomh maith, gan mórán de stíl na ngormacha a bhí ar sheancheol GN’R sna 80í agus 90í.
Ní bheith hit singles ar bith ón albam ach an oiread óir is beag traic a sheasann amach thar an chuid eile.
Is fada uainn anois an line-up agus an caidreamh ceolmhar a thug dúinn Sweet Child agus November Rain agus, déanta na fírinne, ní shílim go mbeidh a leithéid de cheol againn arís ón ghrúpa seo.
Sin uilig ráite, tá seoid amháin ar an albam seo, traic uimhir 4, Street of Dreams. Má tá rian ar bith den draíocht a bhí ag GN’R uair den tsaol tá sé le sonrú san amhrán seo.
Ar an iomlán, áfach, is ábhar díoma é Chinese Democracy.
Is cinnte go mbainfidh cuid mhór daoine an-sult as, go bhfuil beocht úr faoin ainm GN’R agus glún úr éisteoirí acu.
Ach don ghlún a chuir aithne ar an bhanna nuair a bhris siad amach sa chéad dul síos, tá sé i bhfad ró-throm agus ró-challánach.