Tá leagan Gaelg den amhrán ‘Happy’ le Pharrell Williams curtha amach ag an ngrúpa déagóirí i Manainn. ‘Maynrey’ atá tugtha ag na daoine óga ar an amhrán a thaifead siad mar chuid de cheardlann cheoil a reáchtáladh i nDúlais. Ba é an ceoltóir Greg Joughin, ón mbanna ceoil The Mollag Band, a stiúir na daoine óga agus a chuir an leagan Gaelg den amhrán ar fáil.
Tá cáil mhór ar Choláiste Lurgan in Indreabhán as na leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra an Bhéarla a chuireann coláiste Gaeilge amach samhradh i ndiaidh samhraidh agus tá grúpaí agus coláistí eile Gaeilge ar fud na hÉireann i mbun na ceirde céanna le tamall de bhlianta anuas. Ní minic, áfach, a fheictear an rud céanna á dhéanamh ag Gaeil na hAlban ná Gaeil Mhanann.
Chomh maith leis sin, ar ndóigh, eisíonn Raidió Rí-Rá, i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge agus RTÉ 2FM, albam lán leaganacha Gaeilge d’amhráin Bhéarla lena dtogra ‘CEOL’. Léirigh taighde a rinne an ceoltóir Jenny Ní Ruiséil go gcuireann a leithéid de cheol le ‘láithreacht’ na Gaeilge i saol na ndaoine óga agus go gcruthaíonn sé dearcadh dearfach ina leith. Dúirt Jenny go gcruthaíonn “na rudaí beaga sin” ardán “slán agus láidir” do na daoine óga a bhfuil spéis acu an teanga a fhoghlaim.
Véarsa 1:
Cha nee branlaadys ny ta mee gra (ní rámhaille é a bhfuil mé a rá)
Yn ghrian vees ayn nish gow uss fea (tá an ghrian ann, anois glac sos)
Mish my vollag aeragh oddys goll ayns speyr (mise i mo bhalún, ar féidir dul sa spéir)
Lesh yn aer, mish gyn imnea, veen, shen myr te (leis an aer, mise gan imní, a stór, sin mar atá)
Curfá:
[As ta mee maynrey] (Is tá mé sásta)
Bwoailley bass as by vie lhiat shamyr gyn kione thie (bualadh bos is ba mhaith leat seomra gan ceann tí)
[As ta mee maynrey] (Is tá mé sásta)
Bwoailley bass as er-lhiat dy vel maynrys feer dy mie (bualadh bos is dar leat go bhfuil an sonas fíormhaith)
[As ta mee maynrey] (Is tá mé sásta)
Bwoailley bass es fys ayd cre ta maynrys rere dty choyrle (bualadh bos is tá a fhios agat céard is sástacht de réir do chomhairle)
[As ta mee maynrey] (Is tá mé sásta)
Bwoailley bass as er-lhiat dy vel shen ny t’ou laccal (bualadh bos is dar leat gur sin atá tú a iarraidh)
Véarsa 2:
Shoh tutler olk cheet gra shen as shoh (seo cúlchainteoir olc ag teacht ag rá seo is siúd)
Well, cur dou ooilley ayd gyn freayll eh voym (bhuel, tabhair dom a bhfuil agat, ná coinnigh uaim é)
Well lhisin cur dhyt raaue bee’m mie dy slane (bhuel, ba chóir dom rabhadh a thabhairt duit, beidh mé slán)
Gyn cur snee ort agh ny jumm dty hraa (gan buaireamh a chur ort, ná meil d’am)
Shoh’n fa (seo an fáth)
Droichead:
[Maynrey] (sásta)
Tayrn mee neose, cha nod veg (tarraing anuas mé, ní féidir é)
Tayrn mee neose, ta mish ro ard (tarraing anuas mé, tá mise ró-ard)
Tayrn mee neose, cha nod veg (tarraing anuas mé, ní féidir é)
Tayrn mee neose dooyrt mish (tarraing anuas mé, dúirt mise)
[Lhig dou insh dhyt nish] (lig dom insint duit anois)
Tayrn mee neose, cha nod veg (tarraing anuas mé, ní féidir é)
Tayrn mee neose, ta mish ro ard (tarraing anuas mé, tá mise ró-ard)
Tayrn mee neose, cha nod veg (tarraing anuas mé, ní féidir é)
Tayrn mee neose dooyrt mish (tarraing anuas mé, dúirt mise)
Ar ndóigh, rinne Coláiste Linn i Machaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill leagan Gaeilge den amhrán dar theideal ‘Sásta’ in 2014: