‘Heads Up’, tá Warpaint ar ais!

Rud nár thuig mé riamh ná an dílseacht agus urraim a mhúsclaíonn an indie-bhanna Warpaint as LA ina lucht lucht leanúna.

Níl aon amhras ach gur dord-ghiotáraí den gcéad scoth í Jenny Lee Linberg agus ní haon leisceoir ar na drumaí í Stella Mozgawa ach an oiread.

Is amhránaí gan náire í Emily Kokal sa mhéid is nach ligfeadh sí riamh d’easpa inspioráide teacht salach ar thaifeadadh albaim.

Jeaim-ghrúpa é Warpaint a chreideann go gcúitíonn a stíl agus an léiritheoir stiúideo ceart, go háirithe, a n-easpa substainte.

Aontaíonn na mílte hiopstarachaí leo.

Cé mise, mar sin, chun dul i mbun argóna?

B’fhéidir nach bhfuil gá le hargóint a thuilleadh; ar Heads Up cloisimid grúpa atá feabhsaithe go mór.

Grúpa a bhfuil i mbun taiscéalaíochta, ag lorg treo úr.

Tá dath an hip hop/r&b ar bhuillí ‘By Your Side’ agus ‘Dre’.

Preabann fuinneamh dorcha leictreonach tríd ‘Don’t Wanna’, ard-rian tiomáinte ag dord-líne smúrach agus eilimintí dub.

Iontas mór Heads Up é an singil úr ‘New Song’ atá ina mhóramhrán pop i stíl Grimes léirithe do sheinnliostaí lae na stáisiún raidió FM.

Seo chéad iarracht an ghrúpa ionsaí a dhéanamh ar chairt na singlí!

Maireann an t-idirghníomhú séiseach idir giotáir Theresa Wayman agus Emily Kokal i gcónaí, agus tá canadh na beirte i gcomhcheol le chéile ar ‘Whiteout’ ina phléisiúr.

Tá liricí Kokal fós lag, doiléir, leisciúil don gcuid is mó, ach ar chuma éigin tá a dhóthain ar siúl ar Heads Up le do mhealladh ar ais chuige arís tar éis an chéad chúpla éisteacht.

SCÉALTA EILE