Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht chun deiridh le haghaidh bliana eile ach tá am ann fós chun sult ceart a bhaint as imeachtaí spleodracha teanga.
Mar chuid d’Fhéile Pádraig amárach beidh ceolchoirm speisialta dhátheangach ar siúl ar Fhaiche Stiabhna, BÁC, leis an mbanna iontach Heathers, Cór Soiscéil Átha Cliath agus ceoltóirí eile den scoth beo ar stáitse.
Cuirfear tús le cúrsaí ar 3.30in nuair a bheas Máiread Déiseach agus banna tí Raidió na Life ag casadh ceoil le rí an ghiotáir, Shane Hennessy, ag bualadh na dtéad ina ndiaidh.
Beidh neart i láthair ar 5in nuair a rachaidh an bheirt deirfiúracha Ellie and Louise MacNamara, aka Heathers, ar ardán agus ansin cuirfidh an Dublin Gospel Choir clabhsúr galánta glórach leis an imeacht.
“Tá áthas an domhain orainn bheith mar phríomhurraitheoir ar an gceolchoirm Ghaelach leithleach seo,” arsa Sinéad Ní Dhomhnaill, Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge.
“Ghlac níos mó ná 100,000 duine páirt in imeachtaí SnaG i mbliana agus níl bhealach níos fearr chun deireadh a chur leis an bhféile ná le himeacht mór teaghlaigh i lár na hardchathrach ar Lá Le Pádraig i gcomhpháirt le Raidió na Life. Bígí linn agus Bain Triail Aisti!”
Faiche Stiabhna, BÁC, 3in. Saor in aisce!