Margie as Gaeilge
Heathers i mbun ceoil

Is iontach na seoda Gaeilge a bhíonn le fáil ar Youtube na laethanta seo, agus tá a líon ag méadú i rith an ama.

Sa cheann seo tá na deirfiúracha Ellie agus Louise Macnamara, aka Heathers, atá ag tarraingt airde faoi láthair lena nglórtha fuinniúla agus fuaim óg ach machnamhach.

Is é ‘Margie’ ceann de na cnaga atá acu faoi láthair agus seo iad ag ceol leagan Gaeilge den amhrán ag Road Records i mBaile Átha Cliath.

Creidtear gur aistrigh siad é agus iad ar chúrsa samhraidh sa Ghaeltacht… maith sibh a chailíní!