Chuir an t-amhránaí Sasanach Adele go mór lena hiomrá arís eile anuraidh nuair a seoladh a singil ‘Hello’.
Bhain an t-amhrán mothúchánach uimhir 1 amach i mbeagnach gach tír inar eisíodh é agus bhris físeán an amhráin an churiarracht dhomhanda don líon is mó radharc taobh istigh de 24 uair an chloig… 27.7 miliún creid é nó ná creid!
Anois tá cóiriú na ndaoine sciliúla i gColáiste Lurgan faighte ag an amhrán agus leagan breá Gaeilge eisithe ar líne inné.
Is í Shannon Bryan, a bhí ar chúrsa A in Indreabhán i mbliana, atá ag canadh na bpríomhliricí agus, mar is dual do go leor traiceanna de chuid an choláiste, tá úsáid dheas bainte acu as cór chun cur leis an atmaisféar.
Is dóigh linn go mbeidh réalta Londan féin sásta leis an iarracht!