As Droichead na Banna ó dhúchas don DJ aiteach Cormac, fear a bhfuil cáil air as seiteanna fuinniúla HI-NRG, italo-house agus techno a chasadh i gclubanna agus ag féilte ar fud na cruinne. Seiteanna a mhaireann níos mó ná deich n-uaire an chloig is é ag casadh in Panorama Bar i mBeirlín!
Tá sé ina úinéir ar an lipéad ceoil Polari, tá seó míosúil aige ar Rinse FM agus ag tús na bliana seo bhunaigh sé an podchraoladh ‘Cormac’s Queerly Beloved‘ ina mbíonn ceoltóirí agus cairde LADTAÉI+ le clos faoi agallamh aige. Fear gnóthach, mar sin – ach ní róghnóthach chun insint do NÓS mar gheall ar an mbliain a bhí aige in 2024.
Ben Ó Faoláin: Cad é buaicphointe na bliana 2024 duitse mar DJ?
Cormac: Chaith mé an-chuid ama ar chamchuairt i mbliana, rud ar féidir leis a bheith aonarach go leor. Na rudaí a sheasann amach domsa, mar sin, ná na gigeanna a raibh mo chairde tar éis taisteal chucu chun dul i mbun scléipe i mo theannta.
Buaicphointe an tsamhraidh ba ea Lost Village. Rinne mé taifeadadh beo ar mo phodchraoladh ‘Queerly Beloved’ le HAAi ar an gcéad lá, agus ansin chas mé dhá sheit an lá dar gcionn – ceann i bplásóg choille dhraíochtúil agus ansin ag críochnú i stuara tréigthe agus na rinceoirí taca is giorra dem’ chroí ar fad bailithe timpeall orm.
Bíonn am iontach agam i gcónaí nuair a bhím ag seinnt do mo chairde in Tbilisi ag Eau De Cologne in Bassiani. Bíonn teannas i gcónaí sa tSeoirsia maidir le cóisirí agus cúrsaí LADTAÉI+ ach tá an scéal maidir leis na srianta atá á gcur ag an rialtas ar chultúr go dona ar fad faoi láthair, rud a bhfuil drochthionchar á imirt aige ar shiamsaíocht oíche agus ar an aos óg.
Féile cheoil na bliana 2024?
Bhí Waking Life speisialta. Tháinig gach rud le chéile go deas ansin agus bhí seit iontach taitneamhach agam. Tá sé in airde ar Soundcloud faoi láthair.
Oíche cheoil na bliana 2024?
Klubnacht in Panorama Bar – tar éis na mblianta ar fad tá se fós gan sarú.
Cad iad na cúig rian nua-eisithe is mó a roghnaigh tú agus tú i mbun dioscmharcaíochta i rith 2024?
David Body- Free Gluten (Skylax)
Romain FX feat Michael Cignarale – Cum Together (Polari)
Bestley- Disco Drama (Polari)
Sean Den – Summer in London (Polari)
Doctor & Julia – Now You Can Fly (Bordello A Parigi)
Ar athaimsigh tú aon seancheirnín i mbliana a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an lucht rince?
Is breá liom nóiméid staire a mheascadh le ceol an lae inniu agus fuaim na todhchaí, mar sin tá rogha chuibheasach leathan i gceist. Ainmneoidh mé na trí cinn seo:
Cay Hume – Call Me Up (KBC, 1987)
Fuaim italo pop go smior, agus ar an dóigh is fearr. Ba thall i Vítneam a chuala mé an ceann seo den chéad uair agus táim á chasadh gan stad ó shin.
Raudive- Romantic Robot (Get The Curse Music, 2013)
Táim ciontach as an gceann seo a sheinnt ar luasanna éagsúla ach fuaimníonn sé go hiontach i gcónaí. Léamh nua-aimseartha ar fhuaim ghnéasúil EBM.
Siouxsie & the Banshees – Happy House (sfb vocal mix) (Azuli Black, 2004)
Tá sé deacair aintiún mar ‘Happy House’ a shárú ach casaim é seo toisc nach féidir liom an bunleagan a chasadh go minic. Chas mé le Siouxsie uair amháin, agus rinne sí tafann liom! Tá sé sin saghas foirfe, nach bhfuil!
Athmheascán fantaisíochta – dá bhféadfá duine ar bith a ainmniú le hathmheascadh a dhéanamh de rian dá cuid/chuid, cén rogha a dhéanfá?
Ba dheas liom athmheascadh a dhéanamh ar Kylie, agus í a thabhairt níos faide isteach i gcríocha an cheoil dhioscó chosmaigh. Bheadh sé suimiúil dul i mbun comhoibre le Kim Petras nó Lil Nas X, nó athmheascadh a dhéanamh ar cheol dá gcuid.
Cad atá ar na bioráin agat don bhliain 2025?
Beidh mé ag dul ar saoire le mo mhadra i mí Eanáir. Nílim cinnte cén áit ach b’fhéidir go dtabharfaidh mé cuairt ar chairde de mo chuid sa Spáinn.
Táim chun mo chéad fhíseán ceoil a dhéanamh do rian nua de mo chuid a eiseofar i mí an Mhárta. Is deis nua spéisiúil é sin le bheith cruthaitheach.
Agus tá an chuma air cheana féin go mbeidh sceideal camchuairte gnóthach agam in 2025. Táim ag súil go mór leis.