Hey DJ, Seinn Arís É! le DJ Frontleft

Dúspéis sa cheol agus blianta fada caite mar rinceoir í féin ag oícheanta agus féilte ó imeall an Atlantaigh go huiscí an Aidriadaigh is cúis go bhfuil bús fé dhioscmharcaíocht DJ Frontleft in ainneoin nár thosaigh sí i mbun na ceirde ach bliain ó shin. D’inis sí dúinn fé mar a bhí a céad bhliain mar dhioscmharcach.

Ben Ó Faoláin: Cá mbíonn tú ag casadh agus cén stíl cheoil a sheinneann tú?

DJ Frontleft: Bím ag casadh sa Ghaillimh don chuid is mó, uair sa mhí sa Garden in Electric de ghnáth. Táim páirteach sa Yawlag Collective agus táim tar éis casadh ina dteannta ag féilte mar Éalú Le Grá agus All Together Now.

Is breá lem’ chroí a bheith ag casadh rianta iontach mealltach dioscó agus house – rianta nach dtugann an tarna rogha duit ach do bhundún a chorraí. É sin ráite, is maith liom ceol a thugann éisteoirí ar aistear, ceol a bhfuil a lán cora agus castaí ann nach mbeifeá ag súil leo.

Cad é buaicphointe na bliana 2024 duitse mar DJ?

Tá dhá bhuaicphointe mhóra agam do 2024. Ar dtús, Éalú Le Grá ag Caisleán na Creige. Rinne mé seit B2B le Yawlag i rith an lae agus tharla se gur chas mé díreach an rian ceart ag an am ceart. Bhíomar ag seinm dhá phort an duine agus nuair a tháinig mo shealsa líon an puball le ragairneálaithe a bhí tar éis a bheith amuigh ag siúl thart láthair na féile.

Bhí fuinneamh iontach san áit agus bhí freagra an tslua ar an gceol thar cionn! Ba é an chéad uair domsa casadh d’urlár a bhí chomh pacáilte sin (tá roinnt físeán ar mo leathanach Instagram).

Agus ag Caisleán na Creige arís chas mé seit uair an chloig mar chuid de chlár Yawlag d’oíche rince dheireanach an Chaisleáin. Tá an caisleán ceannaithe ag úinéirí nua anois; ba í sin an chóisir oifigiúil dheireanach. Táim ag freastal ar chóisirí san áit ó 2012 ar aghaidh agus níor cheap mé riamh go gcasfainn féin seit ann os comhair mo chairde ar fad ar chóras fuaime úr nua Funktion 1. Bhí sé millteanach maith!

Grianghraf: DJ Frontleft i mbun seit.

Féile cheoil Éireannach na bliana 2024?

An fhéile cheoil Éireannach is ansa liom ná Éalú Le Grá. Eispéireas dochreidte atá ann a léiríonn cumhacht spiorad an cheoil agus cumhacht spiorad an phobail araon.

Cén oíche cheoil is fearr leat in 2024?

Thugas cuairt le déanaí ar The White Hotel i Manchain agus bhí sé dochreidte. Tá eispéireas clubála iomlán foirfe le haimsiú ann – córas fuaime sármhaith, bac ar ghutháin, dioscmharcaigh den scoth, go leor deataigh agus daoine iontach cairdiúil.

Cad iad na cúig rian nua-eisithe is mó a sheinn tú agus tú i mbun dioscmharcaíochta i rith 2024?

Crazy P – Strange Affair (Walk Don’t Walk)

Red Rack Em – Italo Disco Banger (Bergerac)

Tasteless Talk – Love’s Destination (Magari’s Scena Finale Remix)

Floorplan – Get Your Thing Together (Extended Mix) (Classic)

UPZ, Hillary Sargeant – Fanga (Abicah Soul Mix, Slowed) (soWHAT)

Ar athaimsigh tú aon seancheirnín i mbliana a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an lucht rince?

Mobass – Perdao (Mesa Pro, 1997)
An port is mó ar éist mé leis ar Spotify i mbliana. Ceol zouk – is breá liom ceol Afracach.

Bryan Ferry – Don’t Stop the Dance (Eric Duncan Remix (Virgin 2013)
Is aoibhinn liom an t-athmheascán seo.

Aretha Franklin – I’m Every Woman/Respect (Eric Kupper Club Mix) (RCA, 2015)
Meallann an ceann seo na mná ar fad amach ar an urlár rince!

Athmheascán ba mhian leat – dá bhféadfá duine ar bith a ainmniú le hathmheascadh a dhéanamh de rian ar bith le duine ar bith eile, cén rogha a dhéanfá?

Tom’s Diner athmheascaithe ag PsychemagikHot Toddy. Sár-rian síorghlas is ea an ceann seo, agus bíonn an-rath go deo ar aon rud a leagann Hot Toddy lámh air. Bainim an-sásamh as na hathmheacáin neamhaí a dhéanann Psychemagik freisin. 

Cad atá ar na bioráin agat don bhliain 2025? 

Táim ar bís ar fad go mbeidh mé ag casadh in Pygmalion i mBaile Átha Cliath ar an 2 Feabhra – an oíche chéanna is a mbeidh Crazy P ag seinnt ann!  Tá súil agam tuilleadh gigeanna a dhéanamh in Éirinn, agus cúpla ceann thar lear chomh maith. Ba bhreá liom seit a dhéanamh ag féile Éireannach an samhradh seo chugainn chomh maith.

Beidh DJ Frontleft ag seinm in Electric sa Ghaillimh ar an 20 Nollaig. Éist anseo le Mixcloud s’aici. 

SCÉALTA EILE