DJ cónaitheach ag an oíche mhíosúil Sunday Times i gcathair Chorcaí is ea Colm K (agus fear atá freagrach as ceann de na ceirníní nach bhfágann mo mhála dioscmharcaíochta féin riamh). Bhí Sunday Times ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód i mbliana, agus cáil uirthi mar cheann de na cóisirí rince is fearr sa tír. D’inis Colm dúinn fé mar a bhí saol an dioscmharcaigh aige in 2024.
Ben Ó Faoláin: Cá mbíonn tú ag casadh agus cén stíl cheoil a sheinneann tú?
DJ Colm K: Gach rud anamúil, ó gach cuid den speictream ó thaobh luas an cheoil de. Táim páirteach sa chóisir Sunday Times atá ar siúl le fada.
Cad é buaicphointe 2024 duitse mar DJ?
Bhí an chuid is mó dár gcóisirí i mbliana an-taitneamhach agus d’éirigh go han-mhaith leo. Tá an t-ádh orainn go mbíonn slua dílis rinceoirí dár leanúint.
Seachas mo rudaí féin bhí Holy Tongue beo ag Ionad Ealaíon Triskel ina bhuaicphointe ó thaobh gigeanna de.
Cad iad na cúig rian nua-eisithe is mó a roghnaigh tú agus tú i mbun dioscmharcaíochta le linn 2024?
Wim Waldo – Bad Wiggle (Bobby Donny Ace)
José González – Tjomme (DJ Koze Remix) (City Slang)
QUEMANDO – Queimar (Atjazz Galaxy Aart Remix)
Don’t Touch it – Another Taste (Numero Grapes)
Jamma Dee – Jamma’s Jam ft. Mndsgn & Swarvy (NBN)
Ar athaimsigh tú aon seancheirnín i mbliana a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an lucht rince?
E’MIJ – Love Is A Place_(JC’s Love Dub) (Ultra, 1998)
Tá duine amháin den dísreach léirithe Mood II Swing freagrach as an ard-rian seo nach bhfuil an oiread sin daoine ar an eolas fé. Groove a scuabann leis thú, agus rian a dhéanann an beart ar an urlár rince.
Mr. Fingers – Stars (Alleviated, 1987)
Déanach istoíche, nuair a bhí an t-am ceart….ceol síorghlas ón máistir.
Sasac – Boot Man
Foirfe do thús na hoíche.
Chaka Khan – To Know You, To Love You
Cad atá ar na bioráin agat don bhliain 2025?
Tuilleadh den rud céanna, tá súil agam. Beidh Sunday Time deireanach 2024 againn ar an 22 Nollaig is táim ag súil go mór leis.