DJ é Rob Rua a bhfuil a chroí istigh i gceol réabh. Bhunaigh sé féin agus a leathbhádóir Welfare an lipéad dordcheoil Rua Sound in 2016. Ó shin i leith tá os cionn 20 ceirnín eisithe acu, poirt de chuid Sully agus Tim Reaper ina measc. Labhair Rob linn ón nGaillimh agus d’inis sé dúinn fé mar a bhí saol an dioscmharcaigh aige in 2024.
Ben Ó Faoláin: Cá mbíonn tú ag casadh?
Rob Rua: Bím ag casadh ag cúpla club agus cúpla cóisir sa Ghaillimh, agus i mBaile Átha Cliath agus Corcaigh cúpla uair in aghaidh na bliana. Sheinn mé ag a lán féilte i mbliana chomh maith, rud a raibh an-chraic ag baint leis. Tá seó míosúil agam ar Dublin Digital Radio.
Cad é buaicphointe na bliana 2024 duitse mar DJ?
Bhain mé an-taitneamh as a bheith ag casadh sa Tree House ag Another Love Story. Tá draíocht ag baint leis an tslí a bhfuaimníonn ceol leictreonach amuigh sa choill. Bhí clár na hAoine go diail agus buíochas leis an dream a bhí i bhfeighil an stáitse, mhothaíomar ar nós gurbh aon fhoireann mhór amháin a bhí ionainn ar feadh na hoíche. D’éirigh go hiontach leis.
Féile cheoil Éireannach na Bliana 2024?
Éasca – bhí OpenEar ar Inis Arcáin draíochtúil amach is amach. Clár frithchultúir iontach agus suíomh fíor-álainn d’fhéile cheoil. 10/10
Cén oíche cheoil ab fhearr leat in 2024?
Táim claonta ar fad, ach táim féin is mo chairde Alannah, Hannah agus Robin i bhfeighil ar oíche darb ainm ‘Ar Ais Arís’ sa Ghaillimh. Is dócha gurb í sin an oíche is mó a dtaitníonn liom a bheith ag freastail uirthi. Bhain mé an-sásamh as a bheith ag eagrú chlár na hoíche sin i mbliana, agus bhí roinnt cóisirí againn a bhí nótáilte ar fad. Tá an oíche cheoil leictreó Deep Sea Dweller tar éis a bheith fíormhaith chomh maith.
Ar an drochuair níor éirigh liom freastal ar mórán oícheanta lasmuigh de Chathair na dTreabh i mbliana ach caithfidh go bhfuil Sunday Times thíos i gCorcaigh ar an gcóisir is fearr sa tír. Cheap mé go raibh Woozy in Tengu san ardchathair go diail chomh maith.
Cad iad na cúig rian nua-eisithe is mó a sheinn tú agus tú i mbun dioscmharcaíochta i rith 2024?
Sam Binga & Fracture – ‘I Jus Wanna’ (Pineapple / Alpha Pup)
Roghnaigh mé an ceann seo go minic is mé ag casadh. Tá luas aisteach tapa leis, é suite idir mórán stíleanna éagsúla a bhíonn á gcasadh agam. Buaileann sé súil na sprice, agus ó thaobh léiriú agus mháistriú an cheoil de tá sé ar cheann de na píosaí ceoil is airde atá cloiste agam le blianta.
Wise & Deadly – ‘I Get Live’ (Foxy Jangle)
D’eisíomar an ceann seo ar ár lipéad Foxy Jangle i mí Iúil, agus bainim súp as i gcónaí. Bhí fónamh mór ann is mé ar chamchuairt na bhféilte!
Madam X & Cartridge –‘ Hoodlum FC’ (Kaizen)
Ag tarraingt ar thobar cheol dubstep na seanré atá an ceann seo ach tá mustar faoi. Bhain mé an-spraoi as an gceann a chaitheamh isteach i measc na mbuillí tréana 4/4 ar fad agus a bheith ag breathnú ar na rinceoirí i mbun a nguairneán leath-luais. Ardphort.
Plus One – ‘Bonk’ (Ar Ais Arís)
D’eisíomar an rian seo de chuid Plus One ar ár lipéad san earrach agus b’iontach mar a tháinig sé faoi bhláth mar aintiúin cheol rince diaidh ar ndiaidh, agus daoine ar nós Ben UFO agus Four Tet á chasadh gach deireadh seachtaine do staideanna lán daoine. Aistear craiceáilte. Tá Plus One dochreidte ar fad – d’aimsigh sé anseo an chothromaíocht idir mionchruinneas spéisiúil teicniúil a chur sa cheol agus pléascóg mhealltach don urlár rince a chumadh.
DJ Plant Texture – ‘What Should I Do Next?’ (Wigs)
Tháinig an ceann seo amach i ní na Nollag 2023. Ní dheachaigh mé go ródhomhain sa cheol hardgroove i mbliana ach tá an oiread spraoi ag baint leis an bport seo a bhaineann leis an taobh spórtúil de speictream an teicnicheoil. Ardfhear is ea Plant Texture.
Ar athaimsigh tú aon seancheirnín i mbliana a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an lucht rince?
The Prodigy – ‘No Good (Start The Dance)’ (XL)
Cinnte. Bhain mé úsáid as ‘No Good (Start the Dance)’ chun clabhsúr a chur le cúpla féile, rud a bhfuil craic ag baint leis i gcónaí. Tá an amhránaíocht agus na córdaí réabh chomh híocónach – port é a aithníonn daoine fiú muna bhfuil a fhios acu cén teideal atá air nó cé atá freagrach as.
Piezo – ‘Cala’ (Ansia)
Tá iarracht déanta agam i mbliana ceol atá rud beag níos doimhne a chasadh freisin, díreach chun an fód a sheasamh agus an oiread sin ceol hard dance le clos. Tá ‘Cala’ ar cheann de na rianta is giorra dem’ chroí sa réimse ceoil sin agus chas mé go minic é. Tá sé 6 nóiméad ar fad, rud a ligeann dom seit a fhorbairt go deas mar de ghnáth bím ag meascadh stuif cuibheasach tapa.
Skream – ‘Rutten’ (Tempa)
Táim tar éis roinnt ceol dubstep a chasadh i ngach seit chomh maith. Sheinn mé Skream, gan amhras – ‘Rutten’ go leor babhtaí mar is sár-rian amach is amach é.
Cad atá ar na bioráin agat don bhliain 2025?
Tá trí cheirnín sceidealaithe againn le heisiú ar Rua Sound. Tá sé beartaithe againn roinnt eile oícheanta ‘Ar Ais Arís’ a dhéanamh, agus beidh Cormac Geraghty agus mé féin ag filleadh lenár n-oícheanta ‘Amor Fati’ – ag seinnt dordcheol aisteach ar son na saoithíní arís!