I mbliana tá athnuachan á dhéanamh ag an amhránaí ar an sean-nós, agus píobaire Dáimh, Griogair Labhruidh ar a cheol aonair.
Ní an t-athnuachan a mbeifeá ag dréim leis áfach ach casadh iomlán úr ar a chuid cumadóireachta: hip hop measctha le ceol Afracach, le ceol traidisiúnta na hAlban agus leis an sean-nós féin.
Idir rap agus sean-nós, titeann an ceol is déanaí leis an Ghael ildánach isteach i seanré an hip hop, ag tarraingt ar fhíor-cheol traidisiúnta agus ar fhuaimeanna comhaimseartha ag an am céanna.
Ar an chéad léamh, nó éisteacht, shílfeá gur fear lán codarsnachtaí é an tAlbanach mór: file ar MC é, mac léinn dochtúireachta a choinníonn ‘beathaichean Gàidhealach’, amhránaí sean-nóis ar rapaire é arb ionann dó traidisiún píobaireachta ‘ceòl mòr’ agus snagcheol John Coltrane agus McCoy Tyner.
Ach ní bheadh an ceart agat.
“D’fhéadfainn aithris a dhéanamh ar líne ó dhán de chuid an fhile mhóir Dòmhnall Mac Fhionnlaigh nan Dàn, agus an chéad líne eile bheith bainte ó bhéal an amhránaí hip hop, Talib Kweli,” arsa Griogair liom.
“Is mar a chéile iad.”
“Is cuid den traidisiún béil iad a chuireann smaointe úra i láthair an éisteora le rithimí éagsúla agus teanga sheiftiúil.”
Spéisiúil go leor, cuireann sé síos air féin mar MC.
“Sin a bhí sna filí fadó, MCanna a chum dánta agus amhráin a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ón ré sin,” arsa sé.
Pósadh idir an sean agus nua e Griogair, Gael go smior a bhfuil bealaí éagsúla aimsithe aige chun an traidisiún a chaomhnú, agus níos tábhachtaí fós, a chur i láthair.
“Ar thaobh amháin dírím ar cheol agus ar fhilíocht fhíor-thraidisiúnta, amhráin ar an sean-nós agus poirt nach bhfuil lorg ar bith d’aon cheol eile orthu.
“Ar an taobh eile, bím ag triail fuaimeanna comhaimseartha agus ag tarraingt ar cheol ó chultúir éagsúla.”
Admhaíonn Griogair go bhfuil sé ag glacadh le stíl ceoil an hip hop, fiú sa dóigh a ngléasann sé ar ardán ach ní fheiceann sé aon chúis nach ndéanfadh sé amhlaidh.
Mar a bheadh fiann cultúrtha ann, bogann sé ó fhiontar amháin go fiontar eile, idir cheol, chúrsaí feirme agus cheist an neamhspleáchais.
Maidir lena phleananna don todhchaí agus an méid atá ar siúl cheana féin, tá go leor de thart air ar a chroit – feirm bheag i mBaile a’ Chaolais a’ Tuath, i gceantar Loch Abar in Iarthar na hAlban, áit a raibh muintir Labhruidh leis na glúnta agus oidhreacht a bhfuil sé an-bhródúil aisti.
Ar cheann de na tionscadail is déanaí atá ar bun ag Griogair tá ionad cultúrtha a bhfuil sé ar intinn aige a thógáil ionas go mbeadh daoine in ann foghlaim faoin traidisiún saibhir Gaelach a mhair sa cheantar.
Ba láthair í an chroit don chóisir mhór ‘Yes’ ar lá Reifreann an Neamhspleáchais anuraidh chomh maith, cóisir a mbeidh caint ann go deo faoi.
“Briseadh croí a bhí sa reifreann, a léirigh easpa muinín i bpobal na tíre atá faoi thionchar na coilíneachta leis na cianta,” ar seisean.
“Tá feachtas ar bun ó shin, creidim gur seo an tús agus go bhfuil gá le ceol chun daoine a spreagadh.
“Tá mise lán sásta ceol a chur ar fáil don ghluaiseacht.”
Beidh Griogair ag glacadh a chuid ceoil Hip Hop anonn go hÉirinn le linn an tsamhraidh agus beidh deis agaibh é a fheiceáil in éineacht le Dàimh ag Féile Ealaíon an Earagail, Dún na nGall ar 18 Iúil.
Éist le ‘Cogadh no Sìth?’: