Hopkins ar bharr a mhaitheasa ar ‘Singular’

Cogar, a léitheoir, tá do chluasa á lorg ag an méarchláraí agus draoi fuaime Jon Hopkins. Ní ar feadh seala, ach ó chéad nóta Singularity go dtí an nóta deiridh. 

Tosnaíonn agus críochnaíonn Singularity leis an nóta céanna mar is saothar coincheapúil é seo. Iniúchadh ar an ndíshondas, mar a shamhlaítear do Hopkins é, idir saol diostóipeach na cathrach agus suaimhneas an nádúir. Giniúint, méadú agus crapadh na cruinne, más maith leat, thar thréimhse uair an chloig.

Tugann Hopkins ceol comhthimpeallach agus teicnicheol aigéid le chéile le cumas an chumadóra chlasaicigh. Sa mhéid sin, cuirfidh céadrianta Singularity ceol Orbital in aimsir Insides i gcuimhne duit. Buillí scrofa, rifeana móra sintéiseora a bhailíonn neart thar achar na rianta agus, i gcás ‘Emerald Rush’, glór díchollaithe mná ag gluaiseacht ó thaobh go taobh na réimse uaime. 

Méadaíonn fuinneamh an albaim ó thús go dtí go gcastar ‘Everything Connected’ ort. Port arrachta é a ceapadh, samhlófá, do sheó beo Hopkins ag féilte ceoil an tsamhraidh. 

Eilimintí de thámhcheol séiseach, teicnicheol tí  griothalach agus shoegaze timpeall ar a chéile le gliceas a choimeádann greim ort thar an 11 nóiméad a mhaireann sé.

Ní hé nach dtugann Hopkins anuas go deas bog thú, ach an oiread. Cuireann stíl chlaisceadail ‘Feel First Life’ leathshlí tríd an albam tús le blas machnamhach a fhanann leat ar feadh an chuid eile den saothar, in ainneoin buillí droimneacha port mar ‘COSM’ agus ‘Luminous Beings’.

Tá Hopkins ar bharr a mhaitheasa ar Singular, saothar a léirítear le fís agus go leor dúthrachta. Cuir ort do chluasáin is tabhair faoi – is cuma thú amuigh ag rith sa choill nó i do luí ar an dtolg, cinntíonn dearadh fuaime suaithinseach Singularity go bhfuil sonra nua le clos gach uair a éisteann tú leis.

Beidh Jon Hopkins ag casadh beo ag féile Body & Soul an 22–24 Meitheamh agus in Vicar Street, Baile Átha Cliath ar an 18 Deireadh Fómhair.

SCÉALTA EILE