“I have a low tolerance for mediocrity in music and life. I’m into pain and joy and the in-between doesn’t interest me” Steve Earle
Ní chúiseofaí Hot Chip riamh as lagmheasarthacht. Chúiseofaí iad, b’fhéidir, as bheith ag brath an iomarca ar éifeachtaí meonúla, agus as bradaíl chultúrtha, ach bíonn fiúntas éigin thar an ghnáth le gach tréimhse a chaitheann Joe Goddard agus Alexis Taylor sa stiúideo.
Ar nós ionsaí déanta ag mac léinn PhD ar do chluasa lena thráchtas sa phopcheol nua-aimseartha, tá ceol Hot Chip lán de smaointe uaillmhianacha. Smaointe nach dtagann le chéile go foirfe den chuid is mó, is fíor, ach nuair a thagann ní furasta diúltiú dá ndraíocht.
Is ceirnín pop amach is amach é In Our Heads – pop gliondrach dírithe ar an gcroí agus, i gcás an dá shingil iontach ‘Flutes’ agus ‘Night And Day’, dírithe ar chroílár an urláir rince chomh maith. Beag seans go gcloisfidh tú sineirge idir focail agus ceol níos éifeachtúla, ná níos greannmhara, ná ‘Night And Day’ i gcairt na singil i mbliana.
Is i gcomhthéacs bholadh allais agus fhuinneamh an indie-disco is mó a dhéanann ceol Hot Chip ciall i gconaí; nuair a fhágtar an t-urlár rince ina ndiaidh, ar bhailéid mar ‘Look At Where We Are’ agus ‘Always Been Your Love’, nílid chomh hiontach sin mar chomhluadar.
Ar na hamhráin mhalla tá an baol ann go n-imeoidh amhránaíocht mhín falsetto Taylor ar fiarsceabha. Ní théann, ach fós is deacair taithneamh a bhaint as an turas nuair atá amhras ort go bhfuil an carráiste chun léimint den iarnród.
An méid sin ráite, tá In Our Heads léirithe go samhlaíoch agus go slachtmhar tríd is tríd, agus níl aon amhras faoi chumas Alexis mar scríbhneoir amhrán.
Má tá cáineadh tuillte ag an albam seo, agus sa tuairim seo tá, is ar roghanna aeistéitiúla seachas cumas Hot Chip mar cheoltóirí atá an locht.
Iarracht éigríonna in ómós do ré Abbey Road Lennon-McCartney atá i mbailéad bog-rac ‘Now There Is Nothing’. Agus tá níos measa fós ann i bhfoirm ‘Don’t Deny Your Heart’, port Hi-NRG a mbeadh Stock, Aitken & Waterman brodúil as, le Alexis Taylor ag glacadh páirt Rick Astley.
Fondue sofaisticiúil do na cluasa, mar sin, a bhfuil á tharriscint ag Hot Chip an turas seo. Tá an oiread ceana a bheas agat ar In Our Heads ag brath go hiomlán ar do bhlaiseadh féin, ach ní shamhlóinn go mbead féin ag filleadh ar an albam go ró-mhinic amach anseo.