Is minic ár léirmheastóir deisbhéalach ceoil Ben Ó Faoláin ag trácht ar sheánraí andúchasacha ó gach cearna den domhan.
Seánraí iad nach gcloistear an oiread sin i measc na nGael ach is léir go bhfuil an port sin á athrú diaidh ar ndiaidh.
Cheana féin i mbliana dhírigh muid bhur n-aird ar hip hop Gaelach as Albain, punc-trad as Muineachán, rac spleodrach as Conamara, go leor scríbhneoirí amhrán comhaimseartha agus shoegazers as Gaillimh fiú, sea shoegazers!
Anois tá duine den bhanna deiridh sin, Rob Ó Maoil Chiaráin, tar éis dul i mbun comhoibrithe leis an fhile pléascach Séamus Barra Ó Súilleabháin – a chuir an slua faoi gheasa ag Na Baird Nua-Aoiseacha le déanaí – chun cur arís eile leis an rogha cheoil atá ar fáil do phobal na Gaeilge.
Is tionscnamh hip hop é Craos a chuireann ríomh-bhuillí le liricí láidre agus a dhéanann cur síos lom ionraic ar an saol mar a fheictear do bheirt bhall an ghrúpa é.
Dhá rian atá eisithe acu go dtí seo: ‘Aisling Dorcha’ a bhfuil macalla na sean-fhilíochta ann agus an ‘Muca’ teann a chuireann go tréan i gcoinne chóras na bunaíochta agus an bealach a úsáidtear an lámh láidir in amanna chun smacht a choinneáil ar ghnáthmhuintir na tíre.
Deir Craos linn go bhfuil EP á chur le chéile acu i láthair na huaire agus go mbeidh siad ag gigeáil in áiteanna éagsúla ar fud na tíre sna míonna beaga amach romhainn… bígí ar an airdeall!