‘I Would Not Live Always’ agus albaim eile na míosa

John Francis Flynn – I Would Not Live Always (River Lea)

Léamh eachtrúil ar cheol agus amhráin na ndaoine – idir chosmuintir na tíre seo agus Sasana, an lucht siúil, mairnéalaigh na nIndiacha Thiar agus Ewan McColl – atá romhat ar an albam seo leis an amhránaí agus il-ionstraimí as Baile Átha Cliath John Francis Flynn. 

Mar aon le ceol Lankum, tá idir dhúchas seanórtha agus samhlaíocht thrialach chomhaimseartha ag baint leis an uige fuaime seo snite ag Flynn le cabhair óna chomrádaithe ceoil Saileog Ní Cheannabháin, Consuelo Breschi (Varo), Phil Christie (O Emperor) agus Ross Chaney. Is breá liom leagan Flynn de ‘Tralee Gaol’, seinnte agus dhá fheadóg ina bhéal ag an am céanna aige, go háirithe. 

Diamant garbh.

The Go! Team – Get Up Sequences Part 1 (Memphis Industries)

Taifeadadh é seo roimh theacht na paindéime, agus is é an t-albam gliondrach díreach den tsaghas a bhí uaim chun buairt agus uaigneas na tréimhse a ghlanadh de mo chroí. 

Ní raibh aon éalú ó fhuaim thógálach Ian Parton agus The Go! Team nuair a phléasc a na-lbam debút,Thunder, Lightning, Strike siar in 2004.  Cé go bhfuil éirithe, go pointe, ag Parton fuaim The Go! Team a stiúradh i dtreo úr i gcaitheamh na mblianta tá a fad a chúrsa tugtha ar ais go fuaim a début acu le Get Up Sequences Part 1

Albam snasta d’amhráin spleodracha atá go mór faoi chomaoin ag fuaim hip hop na sean-ré, ceol blaxploitation, cailiopsó, Northern Soul agus shoegaze.

Manzanita y Su Conjunto – Trujillo, Perú 1971 – 1974 (Analog africa)

Nuair a rugadh an giotaraí Berardo Hernández, nó Manzanita (“úll beag”) mar ab fhearr aithne air, sa bhliain 1943 i Trujillo, Peiriú, bhí na céadta blianta caite cheana féin ag ceoltóirí de bhunadh na bpobal éagsúil a mhair sa chathair, idir Spáinneach, Afracach agus Aindéach dúchasach, ag seinnt ceoil i dteannta a chéile. 

Tá saibhreas ilghnéitheach ceoil Trujillo soiléir le clos ar an mbailiúchán blasta seo de phlúr an cheoil, idir guaracha agus cumbia leictreach, a d’eisigh Manzanita agus a chompántas le linn na tréimhse 1971-1974. 

Ceol rince lúbach lonrach.

Moin – Moot! (AD93)

Indie-rac turgnamhach féitheogach fuinniúil atá romhat ar an albam début seo leis an dtríréad Moin. 

Bí cinnte cluas a thabhairt do Moot! má thaitníonn ceol grúpaí iar-phunc leithéidí Fugazi, Shellac agus, fiú, Fridge leat – nó díreach más spéis leat ceol nach ndéanann an rud lena mbeifeá ag súil i gcónaí. 

Raic fhíréanta.

SCÉALTA EILE